Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Léirithe Spéise


Léirithe Spéise

Léirithe Spéise i soláthar Scéimeanna Tithíochta agus Tailte le haghaidh Tithíocht Shóisialta nó Inacmhainne do Chomhairle Contae Mhaigh Eo


  • Réamhrá

    Tá thart ar 1,400 teaghlach ag Comhairle Contae Mhaigh Eo ar a liosta feithimh le haghaidh tithíocht shóisialta.

    Tá an Chomhairle ag iarraidh cur leis an líon tithe sóisialta atá in úsáid, trí mhodhanna soláthar éagsúla lena n-áirítear aonaid lándéanta nó forbairtí neamhchríochnaithe a fháil agus tionscnaimh tógála díreacha ar thailte atá an Conradh le fáil.

    Is cuspóir de chuid na Comhairle é meascán níos fearr de thithíocht shóisialta agus de thithíocht phríobháideach a spreagadh chun pobail inbhuanaithe a chruthú. Cuirfear fáilte ar leith roimh thograí le haghaidh scéimeanna tithíochta, forbairtí neamhchríochnaithe nó díolachán talaimh i gceantair sna lárionaid uirbeacha nach bhfuil dlús tithíochta sóisialta ann.

  • Aighneachtaí

    Cuirtear fáilte roimh thograí le haghaidh forbairtí tithíochta lándéanta, forbairtí neamhchríochnaithe nó tailte forbartha chun tithíocht shóisialta nó inacmhainne a sholáthar sna bailte agus sna sráidbhailte uile i Contae Mhaigh Eo a bhfuil riachtanas tithíochta iontu.

    Tá súim ar leith ag an gComhairle i dtograí a bhaineann leis na ceantair seo a leanas, ach cuirfimid gach aighneacht san áireamh:

    Béal an Átha

    Caislean an Bharraigh

    Cathair na Mart

    Béal an Mhuirthead

     

    Is iad seo a leanas na cineálacha tí atá ag teastáil:

    • Aonaid aon seomra leapa nó dhá sheomra leapa - 66%
    • Aonaid trí sheomra leapa - 27%
    • Aonaid ceithre sheomra leapa - 4%
    • Aonaid níos mó (riachtanais ar leith) - 3%

    Ba cheart go mbeadh na forbairtí nó na scéimeanna beartaithe oiriúnach do mhéid an bhaile nó an tsráidbhaile. Cuirtear an treoir seo a leanas ar fáil:

    • Sráidbhailte inar lú an daonra ná 500 – Scéim chomh mór le 10 n‑aonad
    • Bailte inar mó an daonra ná 500 agus inar lú é ná 1,500 - Scéim chomh mór le 20 dteach
    • Bailte inar mó an daonra ná 1500 agus inar lú é ná 4,000 - Scéim chomh mór le 30 teach
    • Bailte inar mó an daonra ná 4000 agus inar lú é ná 8,000 Scéim chomh mór le 40 teach
    • Bailte inar mó an daonra ná 8000 – Scéim chomh mór le 50 teach

    Ba cheart go mbeadh tograí lonnaithe laistigh den sráidbhaile nó den bhaile nó an-ghar dó agus ba cheart go mbeidís in achar siúlóide ó sheirbhisí príomha amhail scoileanna, siopaí, áiseanna pobail srl.

    I gcás inar ghlac an Chomhairle le léarscáil zónála le haghaidh an bhaile nó an tsráidbhaile, ba cheart gur tailte a zónáladh ina tailte cónaitheach sa Phlean Bailte nó sa Phlean Ceantair iad na tailte lena mbaineann.

    Ba cheart an t-eolas seo a leanas a chur isteach i leith tailte atá á dtairscint le haghaidh a gceannaithe

    • Sonraí an duine aonair nó an chomhlachta a chuireann isteach an togra lena n-áirítear ainm, seoladh, uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist
    • Léarscáil den suíomh ar a mbeidh limistéar an tsuímh
    • Sonraí an chead pleanála nó zónáil na dtailte, mas infheidhme
    • Láthair na n-áiseanna áitiúla agus na bhfóntas poiblí agus sonraí na cothabhála beartaithe don suíomh
    • Praghas iarratas measta

    Critéir roghnúcháin le haghaidh tailte a thairgtear lena gceannach

    Úsáidfear na critéir seo a leanas chun togra a mheas le haghaidh ceannach talaimh. Is critéir ualaithe iad cuid acu agus is critéir pas/teip cuid eile. Úsáidfear na critéir chun aighneachtaí a chur in ord sa chás ina bhfaigheann an Chomhairle níos mó aighneachtaí ná mar atá ag teastáil sa cheantar lena mbaineann, agus sa chás sin amháin.

    1. Riachtanas Tithíochta Sóisialta sa bhaile nó sa sráidbhaile Pas/Teip
    2. Zónáil Talaimh (más infheidhme) Pas/Teip
    3. Seirbhísí fóntais ar fáil nó ar fáil ar costas réasúnta Pas/Teip
    4. Láthair sa bhaile nó sa bhaile – giorracht do scoileanna, siopaí, seirbhisí agus araile agus éagsúlacht tionóntachta sa cheantar 50 marc
    5. Próifíl an talaimh i.e. topagrafaíocht, gort glas/donn nó tréigthe 20 marc
    6. Amscála soláthair 20 marc
    7. Cead Pleanála: An bhfuil cead pleanála ann don suíomh le haghaidh an chineáil forbartha atá ag teastáil ón gComhairle? 10 marc

    Tar éis an mheastacháin, rachaidh an Chomhairle i mbun caibidlíocht le togróirí maidir le tograí inghlactha agus, faoi réir comhaontaithe, rachfar ar aghaidh, gan dochar, do chéim an chonartha.

    Ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil i dtograí i leith Scéimeanna Tithíochta/ Scéimeanna Lándéanta nó Forbairtí Neamhchríochnaithe:

    • Sonraí aon duine aonair nó an chomhlachta a chuireann isteach an togra lena n-áirítear ainm, seoladh, uimhir fóin agus seoladh ríomhphoist
    • Sonraí na Foirne Deartha nó an tsaineolais theicniúil atá bainteach leis an tionscnamh
    • Léarscáil den suíomh ar a léirítear limistéar an tsuímh
    • Leagan Amach agus Líníochtaí Tí a léiríonn an togra (má tá siad ar fáil – gan a bheith riachtanach)
    • Líon agus meascán na n-aonad sa togra
    • Sonraí maidir le cead pleanála agus zónáil tailte más infheidhme
    • Láthair na n-áiseanna áitiúla agus na bhfóntas poiblí agus sonraí na cothabhála beartaithe don suíomh
    • Praghas iarratas measta arna rangú de réir costais talaimh, costais tógála, agus costais eile amhail táillí deartha agus ranníocaíochtaí forbartha
    • Amscála nó clár chun an fhorbairt bheartaithe a chríochnú
    • Samplaí d’fhorbairtí a rinne an togróir cheana

    Critéir roghnúcháin le haghaidh Scéimeanna Tithíochta/Scéimeanna Lándéanta agus/nó Forbairtí Neamhchríochnaithe

    Úsáidfear na critéir seo a leanas chun togra a mheas le haghaidh ceannach talaimh. Is critéir ualaithe iad cuid acu agus is critéir pas/teip cuid eile. Úsáidfear na critéir chun aighneachtaí a chur in ord sa chás ina bhfaigheann an Chomhairle níos mó aighneachtaí ná mar atá ag teastáil sa cheantar lena mbaineann, agus sa chás sin amháin.

    1. Riachtanas Tithíochta Sóisialta sa bhaile nó sa sráidbhaile Pas/Teip
    2. Zónáil Talaimh (más infheidhme) Pas/Teip
    3. Seirbhísí fóntais ar fáil nó ar fáil ar costas réasúnta Pas/Teip
    4. Láthair an tsuímh sa bhaile nó sa sráidbhaile – giorracht do scoileanna, siopaí, seirbhísí agus araile agus éagsúlacht tionóntachta sa cheantar 25 marc
    5. Comhlíonadh na treorach san Fhoilseachán ‘‘Quality Housing for Sustainable Communities’ 20 marc
    6. Luach ar airgead le haghaidh na scéime beartaithe 15 marc                                                     
    7. Próifíl an talaimh i.e. topagrafaíocht, gort glas/donn nó tréigthe, forbairt neamhchríochnaithe (tabharfar breis marcanna d’fhorbairtí neamhchríochnaithe) 10 marc
    8. Amscála soláthair 10 marc
    9. Cead Pleanála: An bhfuil cead pleanála ann don suíomh le haghaidh an chineáil forbartha atá ag teastáil ón gComhairle? 10 marc
    10. Amscála soláthair 10 marc
    11. Foireann theicniúil 10 marc

    Tar éis an mheastacháin, rachaidh tograí inghlactha ar aghaidh chuig céim 2 sa phróiseas. Beidh pleananna agus costais mhionsonraithe le cur isteach lena meas mar chuid de Chéim 2 agus féadfaidh an Chomhairle idirchaibidlíocht a dhéanamh maidir leo.

    Tá gach Forbairt Tithíochta faoi réir fhaomhadh na Roinne Tithíochta Pleanála agus Rialtais Áitiúil.

    Na costais a thabhaíonn Iarratasóirí a bhaineann le fostú comhairleoirí, cead pleanála a fháil srl, meastar gur “obair ar priacail” sin agus ní ghlacfaidh Comhairle Mhaigh Eo le haisghabháil aon cheann de na costais sin. Ní bheidh aon dliteanas airgeadais ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo roimh shíneadh an chonartha. Moltar do thogróirí gan aighneacht a dhéanamh mura nglacann siad leis an gcoinníoll sin.

  • Rúndacht

    Déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo gach uile iarracht aon fhaisnéis a chuireann togróirí ar fáil a choimeád faoi rún, faoi réir a hoibleagáidí faoin dlí lena n-áirítear an tAcht um Shaoráil Faisnéis 1997 agus 2003. Rachaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo i mbun comhairliúcháin le togróirí faoi fhaisnéis íogair sula ndéanfar cinneadh ar aon iarratas saorála faisnéise. Ar an gcaoi chéanna, éilíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo go gcoimeádfaidh togróirí an fhaisnéis uile a chuirfear ar fáil de bhun an iarratais seo faoi rún.

  • Reachtaíocht Éireannach

    Ba cheart d’iarratasóirí a bheith ar an eolas go bhfuil feidhm ag an reachtaíocht náisiúnta i leith réimsí eile amhail Rúin Oifigiúla, Cosaint Sonraí agus Sláinte agus Sábháilteacht. Is gá d’iarratasóirí aird a bheith acu ar théarmaí reachtúla a bhaineann le pá íosta agus le comhaontaithe tionsclaíochta nó earnála atá ceangailteacht ó thaobh an dlí de agus tograí á gcur le chéile.

  • Cruinnithe

    Tá an ceart ag Comhairle Contae Mhaigh Eo bualadh le Togróirí más gá chun faisnéis a shoiléiriú a fhaigheann sí mar chuid d’aon aighneacht.

  • Coinbhleacht Leasa

    Maidir le haon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó fhéideartha atá ag an iarratasóir nó ag fostaithe aonair, gníomhairí nó fochonraitheoirí an iarratasóra, is gá iad a nochtadh ina n-iomláine do Chomhairle Contae Mhaigh Eo a luaithe a thagann an choinbhleacht nó an choinbhleacht fhéideartha chun solais.

    I gcás coinbhleacht leasa nó coinbhleacht leasa fhéideartha, féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar Iarratasóirí bealaí a mholadh chun an choinbhleacht a réiteach. Déanfaidh an Chomhairle cinneadh, dá lánrogha féin, maidir leis na gníomhartha is ceart a dhéanamh. I gcúinsí cuí, d’fhéadfadh a áireamh leis sin Iarratasóir a dhíbirt ón bpróiseas nó críoch a chur le conradh leis an Iarratasóir sin.

  • Eisiamh iarratasóirí

    Déanfar iarratasóir a eisiamh má tá eolas ag Comhairle Contae Mhaigh Eo tráth a chinntear an deonú go bhfuil iarratasóir ciontaithe i gcion a bhaineann le páirt a ghlacadh in eagraíocht thoirmiscthe nó i gcaimiléireacht, i gcalaois nó i sciúradh airgid.

    Féadfar iarratasóir a eisiamh:

    • má tá siad faoi réir nós imeachta féimheachta nó dócmhainneachta nó nós imeachta a shonraítear i Rialachán 53, mír (5) de na Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Conarthaí Údarás Poiblí a Dhámhachtain) 2006
    • má chúisigh údarás inniúil iad iad i mí-iompar gairmiúil, arb údarás inniúil é atá údaraithe de réir an dlí líomhaintí mí-iompair ghairmiúil i leith daoine, amhail an t-iarratasóir, a éisteacht agus a chinneadh
    • má tá mí-iompar gairmiúil tromchúiseach curtha i gcrích ag iarratasóir ar féidir le Comhairle Contae Mhaigh Eo a léiriú
    • mura bhfuil oibleagáid comhlíonta ag an iarratasóir ranníocaíocht slándála sóisialta a íoc mar a ceanglaítear faoi dhlí na hÉireann nó faoi dhlí na tíre nó na críche ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóirí nó ina ndéanann sé nó sí gnó
    • mura bhfuil oibleagáid comhlíonta ag an iarratasóir cáin nó tobhach a íoc a fhorchuirtear faoi dhlí na hÉireann nó faoi dhlí na tíre nó na críche ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóirí nó ina ndéanann sé nó sí gnó
    • má tá ráiteas nó fianaise curtha ar fáil do Chomhairle Contae Mhaigh Eo nó d’údarás conartha eile agus fios ag an iarratasóir gur faisnéis bhréagach nó mhíthreorach í, nó mura chuir an t-iarratasóir ráiteas nó fianaise ar fáil do Chomhairle Contae Mhaigh Eo nó d’údarás conartha eile lena bhfuil gá réasúnta ag an údarás chun críche an conradh poiblí lena mbaineann a dheonú.
  • Ceisteanna

    Is féidir ceisteanna a chur isteach ar shaoráid ‘ceisteanna agus freagraí’ etenders nó ar ríomhphost chuig houseacquisitions@mayococo.ie.  Féadfar ceisteanna a scaipeadh ar na hiarratasóirí uile má eascraíonn faisnéis nua nó soiléiriú faisnéise astu, ag brath ar a ábhartha atá siad. Ní nochtfar céannacht an iarratasóra a chuir an cheist do na páirtithe leasmhara eile.

  • Conradh

    Faoi réir conradh nó conradh diúltaithe, beidh glacadh aon togra thar ceann Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi réir caibidlíocht deiridh agus comhaontú téarmaí sásúla conartha leis an Iarratasóir nó leis na hIarratasóirí agus beidh sé ag brath ar mhaoiniú agus ar fhaomhadh a fháil ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil, gan dochar

  • Seoladh agus dáta fillte

    Is gá gach iarratas a dhéanamh i scríbhinn. Ní foláir go mbeadh an fhaisnéis ar fad a iarradh san áireamh ann.

    Ba cheart d’iarratasóirí an aighneacht a chur i gclúdach litreach dúnta a bhfuil an seoladh seo a leanas air:

    “Léirithe Suime le haghaidh Scéimeanna Tithíochta agus/nó Talamh a sholáthar do Chomhairle Contae Mhaigh Eo”

    Faoi chúram: An tUasal Simon Shelvin, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Teach an Choláiste, Bóthar an Stáisiúin, Béal Átha na Muice, Contae Mhaigh Eo, F12 V126”.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha