Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Tithíochta

Faisnéis Do Thiarnaí Talún

Tógadh isteach RAS agus léasáil chun freastal ar riachtanais tithíochta daoine atá ag fáil forlíonadh cíosa agus a bhfuil riachtanas tithíochta fadtéarmach acu. Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo a riarann an scéim a bhfuil sé de chuspóir aici foinse bhreise cóiríochta ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine incháilithe chun freagairt na n-údarás áitiúil do riachtanais thithíochta fhadtéarmacha a fheabhsú.


  • Faoi RAS, rachaidh na húdaráis áitiúla i mbun conarthaí le soláthróirí cóiríochta chun rochtain ar chóiríocht phríobháideach ar cíos a chinntiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

    Cé gur féidir leis na húdaráis dul i mbun cineálacha éagsúla conarthaí [féach thíos], beidh na gnéithe seo a leanas le sonrú i ngach conradh:

    • Íocfaidh an t-údarás áitiúil an cíos iomlán leis an tiarna talún thar ceann an tionónta
    • Is faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004 a rialófar an caidreamh idir an tionónta agus an tiarna talún
    • Is gá don tiarna talún a bheith cáin-chomhlíontach
    • Is gá go gcomhlíonfaidh an réadmhaoin na híoschaighdeáin le haghaidh cóiríocht phríobháideach ar cíos de réir mar a chineann an t‑údarás áitiúil
    • Ní mór don tiarna talún a bheith cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha, nó is gá dó nó di aontú clárú agus an fhoirm atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhoird a chomhlánú.
    • Beidh teastas rátála fuinnimh foirgnimh (BER) de dhíth le haghaidh gach réadmhaoine.
  • Faoi RAS, bíonn caidreamh idir na comhpháirtithe seo a leanas:

    1. An t-údarás áitiúil agus an tiarna talún 
    2. An tiarna talún agus an tionónta
    3. An tionónta agus an t-údarás áitiúil

    De ghnáth, déanann an t-údarás áitiúil iarracht dul i mbun conartha le soláthróir na cóiríochta chun cóiríocht a chur ar fáil faoi RAS ar feadh téarma comhaontaithe (féadfaidh conarthaí de chineálacha éagsúla a bheith ann). Déanfaidh na comhpháirtithe idirchaibidlíocht eatarthu féin faoin gconradh.   

    D’fhéadfadh réadmhaoin nuathógtha nó réadmhaoin a bhí ann cheana a bheith i gceist faoi RAS. Déanfaidh an t‑údarás áitiúil an cíos a ráthú don tiarna talún thar ceann an tionónta agus tabharfaidh sé gealltanas an íocaíocht iomlán a dhéanamh leis an tiarna talún.

    Ansin, ainmneoidh an t-údarás áitiúil faighteoir le haghaidh na cóiríochta sin faoi RAS agus síneoidh an duine sin comhaontú tionónta leis an tiarna talún. Is féidir leis an údarás tionónta a ainmniú atá sa réadmhaoin lena mbaineann cheana féin, atá ag fáil forlíonadh cíosa agus atá i dteideal RAS. Beidh an t‑údaráis áitiúil ina chomhpháirtí leis an gcomhaontú mar ráthóir an chíosa.

    Ar deireadh, comhaontóidh an faighteoir agus an t-údarás áitiúil go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil íocaíochtaí don tiarna talún thar ceann an tionónta.

  • Tagann na conarthaí seo faoi thrí chatagóir éagsúla den chuid is mó:

    1. Conarthaí bunaithe ar infhaighteacht a shocraítear idir tiarnaí talún agus údaráis áitiúla chun cóiríocht mheántéarmach nó fhadtéarmach a fháil. Bíonn ceart ainmniúcháin ag údaráis áitiúla faoi na conarthaí seo.
    2. Socruithe de réir tionóntachta a dhéantar le tiarnaí talún chun riachtanais chóiríochta ghearrthéarmacha a shásamh. Ráthaíonn an t‑údarás áitiúil an íocaíocht chíosa le haghaidh na tréimhse arb ann don tionóntacht lena mbaineann.
    3. Socruithe idir forbróirí agus údaráis áitiúla chun fáil fhadtéarmach ar chóiríocht a ráthú.

     

  • Is idir an tiarna talún agus iarfhaighteoirí an fhorlíonta cíosa atá an príomhchaidreamh “tionónta agus tiarna talún”. Gníomhóidh an t-údarás áitiúil mar bhróicéir nó gníomhaire thar ceann an tionónta. 

    Mar sin, beidh an tiarna talún freagrach as an méid seo a leanas:

    • Árachas – réadmhaoin, maoin an tiarna talún agus dliteanas poiblí
    • Gnáthchothabháil agus gnáthdheisiúcháin trealaimh agus trealamh nua a fháil más gá
    • Sáruithe ar oibleagáidí an tionontaí don tiarna talún a láimhseáil má thagann siad chun cinn
  • Socrófar leibhéal an chíosa trí mheán idirchaibidlíocht idir an tiarna talún agus an t-údarás áitiúil. Beidh an cíos ina léiriú ar dhálaí margaidh áitiúla. Iarrfaidh an t-údarás áitiúil 8% de laghdú ar a laghad mar mhalairt ar na buntáistí éagsúla a thugtar do thiarnaí talún faoin scéim seo.

  • Gheobhaidh tiarnaí talún a gcíos mhíosúil roimh ré go díreach ón údarás áitiúil ar feadh thréimhse an chonartha; ní bheidh aon chíos le bailiú ó thionóntaí, rud a laghdóidh costas riaracháin don tiarna talún. 

    Na tiarnaí talún sin a chuireann áitribh ar cíos do thionóntaí atá ag fáil tacaíochta tithíochta sóisialta, amhail RAS, léasáil agus forlíonadh cíosa, féadfaidh siad leas a bhaint as faoiseamh cánach ardaithe faoi scéim nua ón 1 Eanáir 2016 amach. Faoi scéim seo, féadfaidh úinéirí talún oiread agus 100% d’fhaoiseamh cánach a éileamh ar a n-ús morgáiste, mar chostas i gcoinne ioncam cíosa.

    Le cáiliú don scéim, is gá don tiarna talún an chóiríocht a chur ar fáil do thionóntaí incháilithe ar feadh trí bliana ar a laghad. Is gá an gnóthas a chlárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim ag www.revenue.ie/ga

  • Ní íoctar éarlaisí faoi na scéimeanna seo toisc go mbíonn conradh ann idir an tiarna talún agus an t-údarás áitiúil. Mar sin féin, i gcás ina ndéantar damáiste don réadmhaoin ar mó ná caitheamh agus cuimilt é, féadfaidh an t-údarás áitiúil suim is ionann agus cíos míosa a ráthú le haghaidh chostas an deisiúcháin, má tá an t‑údarás sásta amhlaidh a dhéanamh.

  • Ceann de na príomhscéimeanna i Scéim Gníomhaíochta le haghaidh Tithíochta agus Easpa Dídine de chuid Atógáil Éireann is ea an Scéim Deisiúcháin agus Léasála. Dírítear an scéim seo ar áitribh fholamha a iompú ina bhfoinse tithíochta sóisialta, agus cuirtear ioncam ar fáil léi do thiarnaí talún nach mbeadh ann dá uireasa. Foráiltear faoin scéim seo go maoiníonn an tÚdarás Áitiúil na hoibriúcháin deisiúcháin agus feabhsuithe atá le déanamh chun go mbeidh na tithe ar na caighdeán is gá le haghaidh cóiríocht ar cíos. Baintear costas na n-oibriúchán ó na híocaíochtaí cíosa nó léasála i rithe tréimhse léasála aontaithe arb ionann í agus cúig bliana ar a laghad.

  •  Tá roinnt coinníollacha ag baint leis an scéim: 

    • Is gá an teach a bheith folamh le bliain anuas ar laghad
    • Is gá éileamh tithíochta sóisialta a bheith ann le haghaidh na réadmhaoine
    • Is gá go mbeifear in ann cóiríocht a chur ar fáil sa teach, de réir mheastacháin
    • Is é €40,000 an t-uasmhaoiniú atá ar fáil, BCT san áireamh
    • I gcás inarb iarsheomra suí agus leapa an réadmhaoin atá le cur in oiriúint do na caighdeáin le haghaidh tithe ar cíos, beidh maoiniú d’oiread is €50,000 ar fáil, CBT san áireamh.
    • Sa chás go bhfuil deisiúchán de dhíth chun go mbainfí an réadmhaoin amach an caighdeán is gá le haghaidh réadmhaoin ar cíos, íocfar as na deisiúcháin faoin scéim ar an gcoinníoll go gcuirtear an réadmhaoin ar fáil lena húsáid mar thithíocht shóisialta ar feadh tréimhse nach lú na cúig bliana faoi léas díreach nó faoi Shocrú Rochtana Cíosa leis an údarás áitiúil
    • Déanfaidh an t-úinéir agus an t-údarás áitiúil scóip agus costas na n‑oibriúchán a chomhaontú.
    • Níl an tionscnamh seo ar fáil le haghaidh tionóntachtaí príobháideacha. 

    Le haghaidh tuilleadh eolais féach An Scéim Léasála agus Deisiúcháin - Ceisteanna Coitianta

  • Is féidir leat do réadmhaoin a uasghrádú gan aon chostas caipitil ort roimh ré ó d’acmhainní féin.

    • Beidh cíos ráthaithe agat
    • Ní chaillfear aon chíos i rith tréimhsí folmha
    • Ní bheidh ort cíos a bhailiú.
    • Ní bheidh ort tionontaí nua a aimsiú
    • Ní bheidh aon fhreagrachtaí deisiúchán ná cothabhála ort i rith thréimse na léasála
    • Ní bheidh aon chostas fógraíochta ort.

    Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le  Gerri Joyce (094 90 64746) nó Eileen Kelly (094 90 64743). 

    An Scéim Deisiúchán agus Léasála - Foirm Iarratais

      



Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha