Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhís Dóiteáin Chontae Mhaigh Eo

Maidir leis an tSeirbhís Dóiteáin


Anseo i Seirbhís Dóiteáin Chontae Mhaigh Eo déanaimid freastal ar cheann de na ceantair ar leith is mó sa tír do sheirbhís aonair dóiteáin.

Tá dualgas orainn, faoi na hAchtanna Seirbhísí Dóiteáin, seirbhísí a sholáthar don tSeirbhís Dóiteáin, Sábháilteacht Dóiteáin, Comhrac Dóiteáin chun cuidiú le cosaint agus tarrtháil daoine, a gcuid maoine agus ábhair ghaolmhara.

Tá 120 comhraiceoir dóiteáin ag obair dúinn i 12 stáisiún ar fud Chontae Mhaigh Eo. comhraiceoirí páirtaimseartha a bhformhór acu agus bíonn said ar glaoch i gcónaí I gcásanna éigeandála. Tá oiliúint ar ardchaighdeán faighte acu agus léiríonn siad ardtiomantas agus spiorad foirne ina n-iarrachtaí tú a choinneáil saor ó bhaol

Tá de chúram orainn cinnte a dhéanamh de go ndéantar foirgnimh a phleanáil, a dhearadh, a thógáil agus a chothabháil ar bhealach sábháilte. Tá go leor comhraiceoirí dóiteáin fostaithe anseo a thugann cúram do shábháilteacht phoiblí agus a phróiseálann iarratais éagsúla, Ceadúnais Licéir, Deimhnithe um Shábháilteacht ó Dhóiteáin agus Ceadúnais Chrannchuir ina measc.

Déanaimid iniúchtaí ar fhoirgnimh faoi na hAchtanna éagsúla agus tá muid ag leanúint orainn leis an gclár iniúchtaí randamacha ar chlubanna oíche le cúnamh ó na Gardaí chun róphlódú a aithint agus a chosc.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin méid a dhéanaimid i gContae Mhaigh Eo agus faoi conas is féidir leat dul i dteagmháil leis an stáisiún dóiteáin áitiúil, tá tú san áit cheart.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha