Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo

Film Mayo


Ag tacú leis an scannánaíocht i Maigh Eo

 

 Cuireann Film Mayo tacaíocht, comhairle agus líonrú ar fáil d’aon duine ar spéis leo scannán a dhéanamh sa chontae. Tá de chuspóir aige seirbhís chairdiúil ghairmiúil a sholáthar atá saor in aisce agus neamhchlaonta. Chuirfimis fáilte chroíúil roimh do léiriúchán scannáin a thabhairt chomh fada le Maigh Eo.

Tá ár gcroí istigh i Maigh Eo agus táimid lánchinnte go mbeidh do chroí istigh ann freisin. Teastaíonn uainn go mbíonn eispéireas maith agat de do léiriúchán a thaifeadadh anseo agus d’fhéadfadh ár seirbhís saor in aisce agus rúnda am agus airgead a shábháil ort. Is eol dúinn, ar chríochnú do léiriúcháin, go mbeadh fearadh na fáilte curtha romhat ag muintir Mhaigh Eo.

Cuireann an contae an oiread sin ar fáil agus tá iliomad seod ann atá i bhfolach ar an saol.

Déan teagmháil linn, le do thoil, agus féachaimis cá féidir linn cabhrú; táimid ar fáil chun do léiriúchán a dhéanamh níos éasca ort. Tá sárlíonraí againn chun cabhrú leat an méid atá á iarraidh agat a aimsiú, agus mura fios dúinn, cuirfimid i dteagmháil thú le duine ar fios dóibh.

Tiocfaidh tú ar láithreán gréasáin Film Mayo freisin ar liostaí foireann aisteoirí agus foirne gairmithe scannán atá bunaithe i Maigh Eo.

Chun teacht ar eolas breise, tabhair cuairt ar www.filmmayo.ie nó filmmayo@mayococo.ie

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha