Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo

Eolas agus Comhairle

Éascaíonn an tSeirbhís Ealaíon idirghníomhú agus cumarsáid idir ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, lucht éisteachta/féachana na n-ealaíon, an pobal, grúpaí pobail agus comhlachtaí poiblí. Baineann breis agus 300 grúpa amaitéarach, eagraíocht ealaíon agus grúpa pobail, a lorgaíonn comhairle faoi imeachtaí agus foinsí cistithe dá dtionscadail agus dá gcláir, leas as an tSeirbhís Chomhairleach Ealaíon.

Oibríonn an Oifig le cleachtóirí ealaíon le sruthanna cistithe a shainaithint do thionscadail, cuireann sí comhairle ar fáil ar iarratais agus soláthraíonn sí deiseanna d’ealaíontóirí tabhairt faoi oiliúint agus freastal ar sheisiúin eolais ó thráth go chéile.   

Déanann an tSeirbhís Ealaíon eolas a scaipeadh go rialta ar na healaíona i Maigh Eo trí mheáin agus chainéil éagsúla eolais, nuachtáin áitiúla, irisleabhair réigiúnacha, an raidió áitiúil agus foilseacháin speisialta leis an tSeirbhís Ealaíon ina measc.

Tá Seirbhís Ealaíon Mhaigh sásta imeachtaí, tionscadail agus deiseanna ealaíon áitiúla a chur chun cinn ar ár n-ardáin mheán sóisialta. Seol an téacs scríofa agus íomhá atá le cur chun cinn, le do thoil, chuig mayoarts@mayococo.ie. Is féidir imeachtaí a bheidh ag teacht aníos a chur chun cinn freisin ar leathanach imeachtaí Mayo.ie.


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha