Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceantar Bardasach Chathair na Mart Bhéal an Mhuirthead

Páirceáil


PÁIRCEÁIL I GCATHAIR NA MART

Ar an 22 Deireadh Fómhair, 2018, ghlac Ceantar Bardasach Chathair na Mart-Béal an Mhuirthead le fodhlíthe a bhaineann le páirceáil Íoc agus Taispeáin i mbaile Chathair na Mart.

Leagtar amach na zóin pháirceála ar an léarscáil thíos:

Is féidir íoc as páirceáil le haghaidh na limistéar uile

Tá Foirm Iarratais le haghaidh Cead Páirceála Áitritheora Chathair na Mart ar fáil ANSEO

Tá Foirm Iarratais le haghaidh Cead Páirceála do Lucht Gnó Chathair na Mart ar fáil ANSEO

Cead Páirceála do Dhaoine Faoi Mhíchumas

D’fhéadfadh duine faoi mhíchumas a bheith i dteideal Cead Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas. Ní hí Comhairle Contae Mhaigh Eo a eisíonn na ceadanna seo ach Cumann na hÉireann do Thiománaithe faoi Mhíchumas agus Cumann Chathaoir Rotha na hÉireann.

‌‌‌Fíneáil Pháirceála a Íoc

Is féidir fíneáil a íoc i bpearsa ag Oifigí Cathartha Chathair na Mart, Sráid Altamount, Cathair na Mart, ar an nguthán ag 094 9064600 nó ar líne ag https://www.mayo.ie/parking-management/pay-fine.  

Is féidir ceisteanna ar bith a bhaineann le páirceáil i gCathair na Mart a chur chuig westportpermit@mayococo.ie nó is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigí Cathartha Chathair na Mart ar 094 9064600 

Páirceáil i mBéal an Mhuirthead

Tá Páirceáil saor in aisce i mBéal an Mhuirthead agus is féidir páirceáil ar feadh tréimhse 2 uair an chloig ar a mhéid ar Shráid na Beairice, i gCearnóg Carter, ar an bPríomhshráid agus ar Shráid Mheiriceá.

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha