Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceantar Bardasach Chathair na Mart-Bhéal an Mhuirthead

Ceantar Bardasach Chathair na Mart-Bhéal an Mhuirthead


Fáilte chuig Ceantar Bardasach Chathair na Mart-Bhéal an Mhuirthead, áit a ndéanann muid beartais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm thar réimse earnáil – idir scéimeanna tithíochta agus oibreacha bóthair, thionscnaimh chomhshaoil agus thionscnaimh forbartha pobail. Bíonn seirbhísí agus áiseanna riachtanacha de shíor á gcothabháil againn agus ag an am céanna, seiftiúlacht agus forbairt á spreagadh- rud a thiomáinfidh fás geilleagrach agus a chinnteoidh go mbeidh rath leanúnach ar an réigiún.

Mar gheall ar an gcaidreamh láidir atá againn le pobail áitiúla, imrímid ról suntasach i bhfíorú fhís Chomhairle Contae Mhaigh Eo de chontae atá inbhuanaithe, ionchuimsitheach, rathúil agus bródúil.

Bunaíodh Ceantar Bardasach Chathair na Mart- Bhéal an Mhuirthead in 2014, i ndiaidh cónascadh idir Toghcheantar Bhéal an Mhuirthead, Toghcheantar Chathair Mart agus Comhairle Baile Chathair na Mart.

Tá seacht mball thofa de chuid Cheantar Bardasach Chathair na Mart-Bhéal an Mhuirthead a thionólann cruinnithe ceantair ar bhonn míosúil. Ag na cruinnithe sin, pléann siad ceisteanna áitiúla agus déanann siad beartais a chur i bhfeidhm i réimsí éagsúla- pleanáil, seirbhísí comhshaoil agus cúrsaí pobail ina measc.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha