Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceantar Bardasach Chaisleán an Bharraigh

Deontais ón Leithdháileadh Ginearálta Bardasach (GMA)


Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag glacadh le hiarratais anois le haghaidh maoiniú ón Leithdháileadh Ginearálta Bardasach don bhliain 2024. Féadfar iarratais a dhéanamh faoi na ceithre chatagóir seo a leanas: Cumainn Cónaitheoirí, Clubanna nó Eagraíochtaí, Féilte agus Imeachtaí agus Áiteanna Adhlactha. Déanfar measúnú ar ghníomhaíochtaí nó ar thionscadail ina gcuirtear forbairt shóisialta, eacnamaíoch, comhsaoil, áineasa, chultúrtha, pobail nó spóirt chun cinn ar bhealach dírithe nó ar bhealach indíreach.

Tabharfar tosaíocht do thionscadail atá bunaithe sa phobal agus a léiríonn go bhfuil comh-mhaoiniú faighte acu nó gur féidir comh-mhaoiniú a fháil lena n-aghaidh.

Is í Dé hAoine an 2 Feabhra ag 4.30pm an spriocam le haghaidh iarratais. Féadfaidh na foirmeacha a fháil ar an leathanach seo nó ón gCeantar Bardasach lena mbaineann. Fón: (094) 9064000 nó: castlebargma@mayococo.ie

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha