Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceantar Bardasach Chaisleán an Bharraigh

Páirceáil


Páirceáil d’Áitritheoirí

D’fhéadfadh áitritheoirí atá ag cur fúthu i mbaile Chaisleán an Bharraigh a bheith i dteideal cead páirceála áitritheora a thugann cead dóibh páirceáil taobh amuigh dá n-áit chónaithe nó i gcarrchlós ainmnithe i lár an bhaile.

  • Táille €10.00 sa bhliain 
  • Níl táille ar bith ann do dhaoine os cionn 65 bliana d’aois

Tá foirmeacha iarratais ar fáil ANSEO nó ó Cheantar Bardasach Chaisleán an Bharraigh.

Cead Páirceála d’Íocóirí Rátaí

D’fhéadfadh gnólachtaí a bhfuil a gcuid cuntas rátaí in ord acu a bheith i dteideal Cead Páirceála Saor in Aisce D’Íocóirí Rátaí do cheann amháin de charrchlóis an bhaile.

  • Sráid an Chaisleáin/Cearnóg an Mhargaidh
  • Sráid Phailliúin/Sráid Spencer

Tá foirmeacha iarratais le fáil ANSEO nó ó Oifig Cheantar Bardasach Chaisleán an Bharraigh.

Ceadanna Páirceála Fadtréimhseacha

Tá Ceadanna Páirceála Fadtréimhseacha le fáil ó Rannóg Cuntas Chomhairle Contae Mhaigh Eo do na carrchlóis seo a leanas: 

  • Sráid an Chaisleáin/Cearnóg an Mhargaidh - €27.00 sa mhí
  • Sráid Phailliúin/Sráid Spencer- €10.00 sa mhí 

Bíonn lascaine 10% ann nuair a cheannaítear cead 6 mhí agus 20% nuair a cheannaítear cead 12 mhí.

Fíneáil Pháirceála a Íoc

Úsáid an nasc seo  le do thicéad fíneála páirceála a íoc.

Is féidir fíneáil pháirceála a íoc freisin ag Oifig ar bith de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo le linn gnáthuaireanta oifige nó trí sheic nó ordú poist den tsuim cheart a sheoladh chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo F23 WF90 nó trí ghlaoch ar 094 9064000. 

Tar éis 28 lá tagann méadú 50% ar an bhfíneáil e.g. méadaíonn fíneáil €40 go fíneáil €60 tar éis ocht lá is fiche mura n-íoctar í ina hiomláine.

Fíneáil Pháirceála a Achomharc 

Íoslódáil an Fhoirm Achomhairc um Fhíneálacha Páirceála ANSEO

Ba cheart foirmeacha comhlánaithe a chur ar ais chuig Ceantar Bardasach Chaisleán an Bharraigh, Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co Mhaigh Eo F23 WF90. 

De rogha air sin, déan cód QVRO ag bun na fíneála páirceála a scanadh agus lean na treoracha.

Ba cheart ceisteanna a sheoladh chuig  parking@mayococo.ie nó glaoigh ar 094 9064000

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha