Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialachas agus Daonlathas

Toghcháin Áitiúla

Bíonn Toghcháin Áitiúla ar siúl gach cúig bliana de ghnáth. Is sna toghcháin áitiúla a thoghtar comhairleoirí contae.  

Toghadh tríocha comhairleoir ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo sna togháin áitiúla is déanaí in 2019. Meastar go mbeidh na chéad toghcháin áitiúla eile ar siúl in 2024.

Roinntear Contae Mhaigh Eo ina sé thoghcheantar áitiúla le cinntiú go bhfuil ionadaíocht ag gach ceantar sa chontae ar an gComhairle. Is iad Béal an Átha, Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris, Béal Átha na Muice agus Cathair na Mart na sé thoghcheantar sa chontae.

Toghann na hionadaithe tofa Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo gach bliain ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil na Comhairle. Tá an Cathaoirleach freagrach as cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe uile na Comhairle agus déanann sé nó sí ionadaíocht ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo le linn an téarma oifige. Toghtar Leas‑Chathaoirleach ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil chomh maith.


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha