Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

An Gorta Mór


Ba é an Gorta Mór ceann de na heachtraí is cinniúnaí agus is tábhachtaí i stair na hÉireann. Chuir sé cor i gcinniúint na tíre, agus ba é ba chúis le hathrú chomh hiomlán agus chomh suntasach sin ar chúrsaí polaitiúla agus sóisialta na hÉireann go bhfágfaí a lorg ar mheon agus ar chéadfacht a muintire go deo. Níorbh fhéidir le muintir na hÉireann dul i muinín na talún mar fhoinse sheasta chothaithe a thuilleadh. Níorbh fhéidir leo brath ar cibé daingneacht tionachta a gheall a gcuid tiarnaí talún dóibh, agus thar aon ní eile rinneadh a súile dóibh gur chuma lena máistrí polaitiúla Sasanacha faoina n-ainriocht.

Ba mhinic a labhair Máire Nic Roibín faoin nGorta le linn a tréimhse mar Uachtarán, agus faoi mar is gá dúinn glacadh leis an méid a tharla. Dar léi, is gné lárnach d’éispearas na hÉireann é oidhreacht an Ghorta Mhóir, agus go háirithe an diaspóra Éireannach a cruthaíodh dá bharr.  

Bhí Maigh Eo ar na contaetha ba mheasa buailte ag tionchar an ghorta, agus aon triain dá muintir caillte nó imithe ar imirce. Bhí 388,847 duine ina gcónaí i Maigh Eo in 1841, ach bhí sé seo tite go 274,830 faoin mbliain 1851; sa tréimhse chéanna thit líon na dteaghlach sa chontae ó 70,542 go 49,073.

THE FAMINE IN MAYO: A PORTRAIT FROM CONTEMPORARY SOURCES ONLINE EXHIBITION. Tarraingíonn an taispeántas seo ó fhoinsí comhaimseartha chun scéal an Ghorta Mhóir a inisint dúinn.  Baintear leas as cuntais fhinnéithe, taifid oifigiúla agus tuairiscí na nuachtán áitiúil ón tráth sin, agus maisítear le priontaí, grianghraif agus léarscáileanna é. Tugann sé léargas cuimsitheach ar an saol le linn an ghorta – ar an réim bia, ar dhíshealbhú, ar an imirce, ar thithe na mbocht, agus ar na bearta fóirithinte.

Comhairle Contae Mhaigh Eo a chur an taispeánatas i dtoll a chéile agus a léirigh é – gliogáil ar an nasc thíos chun breathnú ar leagan lánscáileáin den taispeántas.

THE FAMINE IN MAYO 1845 - 1850   (Acrobat Reader de dhíth: osclaítear fuinneog nua)

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha