Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ar Lorg Humbert


Ba as tuairimí réabhlóideacha Chumann na nÉireannach Aontaithe a d’eascair Éirí Amach 1798, cumann a bunaíodh mBéal Feirse i 1791 ag dream a raibh dlíodóir óg as Baile Átha Cliath – Theobald Wolfe Tone – ina measc.  Chuaigh smaointe úra an daonlathais mar aon le hidéil an chomhionannais agus an tsaoirse – mar a léirigh na Meiriceánaigh agus na Francaigh – i gcion go mór orthu, agus ba é cumasc idir seo agus an tírghrá a bhí mar bhunús dá gcuid radacachais. Ba i gCúige Uladh agus Cúige Laighean a tharla na chéad cheannaircí, ach tharla siad i bhfad i gcéin óna chéile agus in imthosca iomlán éagsúil. Chuir an t-arm faoi chois go brúidiúil iad sular bhris ceannairc amach i Maigh Eo.

Ar 22 Lúnasa 1798 tháinig sluaíocht 1,000 fear faoi cheannas an Ghinearáil Jean Joseph Amable Humbert (a rugadh 1767) i dtír ag Cill Chuimín, ó thuaidh ó Chill Ala. Bhí deartháir Wolfe Tone, Matthew Tone, ar bord long an Ghinearáil Humbert agus í ag gluaiseacht i dtreo Chuan Chill Ala. Nuair a tháinig siad i dtír, bhunaigh siad ceanncheathrú sealadach i dtigh an Easpaig Stock a bhí ina Easpag Eaglais Éireann Chill Ala.  Ar aghaidh leo uaidh sin go Béal an Átha, agus thóg siad bealach trastíre uaidh sin go Caisleán an Bharraigh.

Ba chúis iontais do na Francaigh a laghad traenála míleata a bhí ag na hÉireannaigh a thacaigh leo. In ainneoin sin, chuaigh breis is 3,000 Éireannach i bpáirt leo ar an aistear go Caisleán an Bharraigh, agus gan a bheith mar arm ag cuid mhaith acu ach pící. Bhuail na fórsaí Franc-Éireannach seo an bóthair agus mháirseáil siad feadh chladach iargúlta thiar Loch Con ar thalamh gharbhlach aimhréidh. Chuaigh siad thar bhráid Bhearna na Gaoithe agus isteach go Caisleán an Bharraigh, áit a bhain siad geit as garastún Briotanach a bhí faoi cheannas an Ghinearáil Lake.  Sháraigh siad fórsaí an Rí agus bhog siad ó Chnoc Staball síos Sráid Thomáis chomh fada leis an áit a dtionóltaí an margadh an tráth sin. Ghabh dream faoi cheannas an Ghinearáil Fontaine Droichead Chaisleán an Bharraigh ina dhiaidh sin. Agus an lámh in uachtar ag na reibiliúnaigh bhris fórsaí an Rí agus chuaigh siad ar teitheadh agus lean na reibiliúnaigh ar na sála acu.  “Rásaí Chaisleán an Bharraigh” a thugtar ar an eachtra seo go dtí an lá atá inniu ann.

Ach chlis an t-ádh orthu ina dhiaidh sin. Tháinig fórsaí Shasana timpeall ar na fórsaí Franc-Éireannach sa deireadh thiar thall ag Béal Átha na Muc i gCo. Longfort ar 8 Meán Fómhair 1798. Glacadh le géilleadh na bhFrancach ag an bpointe seo, ach rinneadh slad ar tuairim is 2,000 Éireannach. Crochadh an tAthair Andrew Conroy, sagart paróiste Eadargúil (Leathardán) agus an tAthair Manus Sweeney as Baile Uí Fhiacháin de bharr an tacaíocht a thug siad do na Francaigh.

Chuaigh Seán de Móra (1767-99) as Halla Uí Mhóra, Loch Ceara, i bpáirt leis an éirí amach le linn dó a bheith ina mhac léinn dlí i mBaile Átha Cliath. Gaireadh céad Uachtarán Phoblacht nuafhógartha Chonnacht é níos deireanaí. Ach níorbh fhada a mhair an Phoblacht agus chaith de Móra breis is bliain i bpríosún i bPort Láirge sula bhfuair sé bás ann sa bhliain 1799 agus é ag feitheamh le triail. Cuireadh i reilig Bhaile Gunnair i bPort Láirge é. Rugadh a chorp abhaile go Maigh Eo i mí Lúnasa na bliana 1961 agus athadhlacadh é ar an Meal i gCaisleán an Bharraigh, áit ar tógadh leacht cuimhneacháin dó.

Eachtra cinniúnach éifeachtach a bhí in Éirí Amach 1798 agus ba mhór an t-inspreagadh agus an gríosú a thug se do phoblachtaigh ar feadh na nglúnta ina dhiaidh. Nochtadh leacht cuimhneacháin ar a dtugtar ‘Maid of Erin’ i mBéal an Átha sa bhliain 1898 le haghaidh chomóradh céad bliain an éirí amach.  Ba é T. H. Denning a dhealbhaigh agus Maud Gonne MacBride a nocht é.

Seo a leanas an inscríbhinn ar an leacht:

Well they fought for poor old Ireland
And full bitter was their fate
Oh! What glorious pride and sorrow
Fill the name of ninety eight


Tá taispeántas mór ullmhaithe ag Leabharlann Chontae Mhaigh Eo faoi eachtraí Éirí Amach 1798 i Maigh Eo. Ba é Steve Dunford, staraí, a chuir an taispeántas seo ‘In Humbert’s Footsteps’ i dtoll a chéile , agus baintear go leor den ábhar óna leabhar féin “In Humbert’s Footsteps: Mayo 1798” a foilsíodh sa bhliain 2006. Ba é Niall Kerrigan a dhearaigh an taispeánatas agus is féidir leagan lánscáileáin de a fheiceáil agus a léamh ach gliogáil ar an nasc thíos.

 In Humbert's Footsteps: 1798 & the Year of the French  (Acrobat Reader de dhíth: osclaítear fuinneog nua)

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha