Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Beathaisnéisí


Annie Moore
Ba íAnnie Moore, cailín 15 bliain d’aois as Contae Chorcaí, an chéad inimirceach riamh a cláraíodh ar oileán an choraintín, Ellis Island, 1 Eanáir, 1892. Tá dealbh chomórtha d’Annie Moore ina seasamh ar Ellis Island agus i gCóbh i gContae Chorcaí, inar fhág sí slán ag Éirinn, in ómós don chothrom lae 100 bliain a bheith bainte amach.‌

Léigh a thuilleadh faoi Annie Moore

John Solan
Rugadh John Solan in Éirinn, 11 Aibreán, 1842. Mac le Patrick Solan a bhí ann. Chuaigh an teaghlach ar imirce go Meiriceá sa bhliain 1847. Fuair a mháthair bás in Buffalo agus d’éag a dheartháireacha, Michael agus Patrick, an bhliain chéanna.

Is féidir cuntas John Solan maidir le himeacht ar eisimirce, teacht i dtír i Meiriceá agus cur síos ar an saol a bhí aige i Meiriceá a léamh anseo.

 

Annie O’Donnell
Rugadh Annie O’Donnell (1880-1959) i Lipe in aice leis an Spidéal, i gContae na Gaillimhe. D’fhág sí slán ag a baile dúchais i nGaillimh le dul go Meiriceá sa bhliain 1898, agus bhí sí ar cheann de na 15,175 bean a d’fhág Éire an bhliain sin. Bhí i bhfad níos mó ban ná fear ag fágáil, agus chuaigh a bhformhór ag obair mar chailíní aimsire.‌

Léigh a thuilleadh faoin saol a chaith Annie agus an litir a sheol sí 5 Bealtaine, 1902, inar labhair sí faoin uaigneas a bhraith sí ag fágáil an bhaile.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha