Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Litreacha in Éirinn


Sheol eisimircigh na hÉireann na céadta mílte litreacha abhaile chuig a gcairde agus a ngaolta in Éirinn sa naoú haois déag. Meastar gur seoladh milliún litir go Meiriceá as Éirinn sa bhliain 1854 amháin. Nuair a seoladh an Titanic, bailíodh 1385 mála litreacha i gCóbh le tabhairt go Meiriceá. Ba mhinic a bhíodh seoltáin airgid nó nithe eile ar nós ticéid, éadaí nó grianghraif sna litreacha a seoladh abhaile. Meastar gur seoladh €260 milliún abhaile go hÉirinn sa naoú haois déag. Ar an gcaoi sin, ba í an “Litir as Meiriceá” ba chúis leis an “slabhra eisimirce” toisc go gcuirfeadh na heisimircigh an táille ar fáil dá ngaolta le go bhfeadfaidís an tAtlantach a thrasnú agus dul le cónaí leo sa Domhan Nua. Dhéantaí an teaghlach agus na cairde a phlé sna litreacha den chuid is mó ach thugtaí dearcadh an eisimirceach i dtaobh a dtír nua iontu chomh maith. Ba mhinic a thugtaí íomhá róthaitneamhach neamhréadúil iontu den saol a bheadh i ndán dá gcairde agus dá ngaolta dá dtiocfaidís go Meiriceá. Mar a dúirt James Charles Roy, "Bhí an próiseas eisimirce ag brath go hiomlán ar an litir scríofa: is tríd an litir a cuireadh an té a bhí aineolach ar an eolas, a thug an spreagadh don té a bhí ag tarraingt na gcos agus is minic a chuirtí an t-airgead don phasáiste ann, rud a shocraigh an scéal agus a mhealladh an duine sin”.

Bhíodh daoine an-chorraithe nuair a thagadh an “Litir as Meiriceá”. Ach níl mórán de na litreacha sin fós linn, áfach, toisc chomh lag is atá páipéar is dócha agus an beagán luacha a bhí ag na glúine ina ndiaidh orthu a chaith amach iad gan machnamh a dhéanamh go minic. Tá príomhbhailiúcháin litreacha na n-eisimirceach in Éirinn coinnithe in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) agus i Lárionad Staidéir na hImirce i nDaonpháirc Uladh-Mheiriceá san Ómaigh. Is litreacha iad seo a tháinig ó eisimircigh Chúige Uladh den chuid is mó. Is é Lárionad Staidéir na hImirce a chruthaigh Bunachar Sonraí Eisimirce na hÉireann. Tá gach cineál eolais ann a bhaineann le himirce – nuacht loingis, liostaí paisinéirí, tuarascálacha oifigiúla, dintiúir, litreacha ó eisimircigh, uachtanna agus dialanna. Tá bailiúcháin níos lú ar fáil sa Chartlann Náisiúnta agus i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá bailiúchán de thart ar 120 litir a bhaineann le teaghlach Hurley a chuaigh ar eisimirce go Nevada go luath sna 1870idí ar fáil in Institiúid Chartlainne Chorcaí. I gcás an tionscadal EMILE, bhain Leabharlann Chontae Mhaigh Eo úsáid as litreacha ó PRONI nó ó Lárionad Staidéir na hImirce go príomha mar aon le roinnt litreacha óna n-acmhainní féin.

“Is iontach an tír í seo”, a scríobh eisimirceach amháin, arbh as Contae Mhaigh Eo dó, ó Minneapolis sna 1870idí, Is féidir liom suí ag an mbord agus mé chomh tábhachtach leis an bhfear is airde céime i mBéal an Mhuirthead, buíochas le Dia gur fhág mé an áit dhearóil sin”

Cé go raibh cuid de na litreacha áiféiseach sa chur síos a rinneadh ar an Domhan Nua, bhí a bhformhór réasúnta saor ó sciamhú agus urtheilgean. Sa chás go bhfuil litir áiféiseach d’fhéadfadh sé gur eisimirceach a bhí go díreach tar éis teacht i dtír i Meiriceá a scríobh. Mar shampla, ina céad litir abhaile chuig a hathair, rinne bean óg darbh ainm Mary McCarthy, a tháinig go Nua-Eabhrac i 1850, an domhan nua a mholadh go hard:
"Á athair dil, ní déarfaidh me ach gur áit mhaith é seo agus tír mhaith chomh maith mar sa chás nach n-oireann áit amháin do dhuine is féidir leis imeacht go háit eile agus a bheith sona ann gan mórán stró…… ní mór d’aon fhear nó bean nach bhfuil cúram clainne orthu a theacht anseo chuig an tír fhlúirseach seo nach raibh ocras riamh ar bhean ná ar fhear agus nach mbeidh riamh in áit nach bhfágfar ar an ngannchuid tú”.

Tabhair ar aird go molann sí an eisimirce dóibh siúd nach bhfuil cúram clainne orthu. Ba mhinic a thugtaí rabhadh do sheandaoine gan teacht chuig tír ina mbeadh orthu an oireadh sin obair chrua a dhéanamh. Scríobh oibrí óg i Filideilfia, Andrew Pauley, an méid seo a leanas i litir chuig a uncail i gCúige Uladh sa bhliain 1854 “ba chóir d’aon duine óg inniúil teacht anseo má tá sé i gceist acu iad féin a iompar mar is ceart… ach níl mórán deis ann do sheandaoine

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha