Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Cúiseanna Eisimirce


1. Ba é méadú daonra an chúis ba mhó leis. Bhí 4,500,000 duine in Éirinn faoin mbliain 1800. Méadaíodh é seo go 8,200,000 duine faoi 1841. Bhí roinnt fachtóirí ina gcúis leis an mborradh sciobtha a tháinig ar an daonra:
· Aois réasúnta óg pósta. De thoradh fhoroinnt na ngabháltas, bhí níos mó daoine in ann pósadh agus fanacht ar an talamh
· Bhí saibhreas réasúnta ann de bharr méadú praghsanna le linn Chogaí Napoléon idir 1790 agus 1814.

2. Lean lagtrá eacnamaíochta Cogaí Napoléon, a chruthaigh dífhostaíocht agus dealús a mhair beagnach scór bliain ina dhiaidh sin. Athosclaíodh na lánaí loingseoireachta go Meiriceá, a dúnadh de bharr an chogaidh, sa bhliain 1814.

3. Gorta. Mheath an barr idir na blianta 1816 agus 1818, i 1821 agus ó 1825 go 1830, de thoradh sraith tubaistí nádúrtha. Rinne calar slad arís is arís eile ar na haicmí b’ísle le linn na 1830í.  Faoi na 1840í ba iad prátaí an príomhchineál bia a bhí ag muintir na hÉireann. Sa bhliain 1845 tháinig aicíd dhubh neamhaithnid ar an bhfód a scrios an barr prátaí go gasta. D’fhill sé sna blianta ina dhiaidh sin, agus thóg sé chomh fada leis an mbliain 1855 chun oiread is leathmhéid an fhómhair a bhíodh ann roimh na bliana 1844 a shábháil.  Ba láithreach agus ba shuntasach an tionchar a bhí ag an ngorta ar chúrsaí eisimirce. D’fhág breis is 2.1 milliún duine Éire idir na blianta 1845 agus 1855, agus d’imigh beagnach 1.5 milliún acu siúd go Meiriceá. Ba dhifriúil an cineál eisimirce a bhí i gceist aimsir an ghorta mhóir, agus eisimircí roimhe sin. Ní raibh ach 60% de na daoine a tháinig i dtír i Nua-Eabhrac i 1836 cláraithe mar “shaothraithe”, ach méadaíodh an uimhir sin go 79% agus 90% idir na blianta 1851-55. Bhí géarghá níos mó ná riamh le cúnamh airgeadais chun íoc as an bpaisinéireacht, agus ba iad gaolta a thug an cúnamh seo de ghnáth. Chuirfeadh teaghlach a gcuid airgid le chéile, nó gheobhaidís iasacht, chun duine amháin (mac a bhí ann de ghnáth) a chur sall go Meiriceá.  Sheolfadh seisean airgead abhaile ina dhiaidh sin chun an chuid eile den teaghlach a thabhairt anall.

Image of family digging for potatoes during the Famine in Ireland

4. An t-éileamh ar líon fear mar gheall ar Chogadh Cathartha Mheiriceá, go mór mór in earnáil na tionsclaíochta agus san arm. Throid breis is 200,000 Éireannach sa chogadh, formhór acu in airm an Tuaiscirt. Liostáil gníomhairí go leor acu in Éirinn, nuair a thairg siad aistear sall saor in aisce dóibh, chomh maith le fordheontais shubstaintiúla. D’fhág roinnt daoine mar chuid de na scéimeanna cuidithe, a chuir rialtas na Breataine i bhfeidhm ar feadh tamaill ghearr ó 1823 go 1825.  Thug na scéimeanna seo aistear saor in aisce agus tíolacadh talún do bhreis is 2,500 mionsealbhóir Chaitliceacha ó cheantair Mhala agus Mhainistir Fhear Maí i gContae Chorcaí don chuid is mó. D’aisghair an rialtas na srianta uile a bhí ar imirce sa bhliain 1827. Idir na blianta 1828 agus 1837 d’imigh beagnach 400,000 Éireannach ar imirce go Meiriceá Thuaidh. Faoi 1840, bhí patrún na heisimirce as Éirinn leagtha síos. D’fhág Éireannaigh Chaitliceacha dheisceartacha ina ndronga ó gach cearn den tír, ag tabhairt sampla dóibhsean a bhí fágtha ina ndiaidh, agus ag bunú cineál pobail a ghlacfadh le daoine nua ag teacht anall.

5. I ndiaidh an ghorta mhóir, bhí díothacht eacnamaíochta ina príomhchúis eisimirce, ag coinneáil an nós sin beo. Breathnaíodh ar Mheiriceá i gcónaí mar dheis forbartha ar do shaol, le hais an oll-díshealbhú, na mblianta 1861-1864 agus 1879-82 a caitheadh i mbéal gorta, agus an tsíorbhochtanais a bhain le feirmeoireacht leorchothaitheach.

6. Tháinig laghdú ar líon na n-eisimirceach chun na Stát Aontaithe le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda nuair a chuir an cogadh isteach go mór ar loingseoireacht, ach cuireadh tús leis arís nuair a bhí an cogadh thart. Ba é 1921-1923 buaicré na heisimirce, agus tháinig meath air ina dhiaidh de bharr an spealta idirnáisiúnta agus na srianta a chur na Stáit Aontaithe i bhfeidhm ar líon na n-inimirceach.

Roghnaigh na naisc thíos chun níos mó a léamh faoi Chúiseanna Eacnamaíochta na heisimirce agus faoi na scéimeanna Imirce Cuidithe.

Cúiseanna Eacnamaíochta
Scéimeanna Imirce Cuidithe

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha