Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Suirbhéireacht Chumann Turasóireachta na hÉireann


Tiomsaíodh Suirbhéireacht Ghinearálta agus Topagrafaíochta Chumann Turasóireachta na hÉireann (ITA) sna paróistí i ngach contae go luath sna 1940idí, mar chuid den iarracht eolas a bhailiú chun turasóireacht na hÉireann a chur chun cinn i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Ceapadh Suirbhéirí agus bailíodh eolas trí chuairt a thabhairt ar na paróistí agus trí fhoirmeacha a líonadh.


‌ 


Eisíodh cúig fhoirm dhifriúla chuig na suirbhéirí, agus ní raibh siad uile ábhartha i gcás gach paróiste. Is iad seo a leanas na ceannteidil a bhí ar gach foirm-
Foirm A : - Gnéithe Nádúrtha, Seaniarsmaí, Cumainn Staire srl. Fotheidil: Topagrafaíocht; Geolaíocht; Tithe Móra, Caisleáin & Eastáit; Seaniarsmaí; Láithreáin Stairiúla; Teach tábhachtach ó thaobh na staire, Áiteanna Adhlactha; Fuaráin Spá nó Mhianracha; Nithe is díol spéise; Nósanna, Patrúin srl.

Foirm B : Spórt agus Cluichí. Fotheidil: Slatiascaireacht; Iascaireacht Farraige: Galf; Rásáil; Fiach; Cúrsáil; Rásaíocht na gCon; Foghlaeireacht; Foghlaeireacht ar Chrécholúr; Rámhaíocht agus Seoltóireacht: Cluichí agus Caithimh Aimsire; Lúthchleasaíocht agus Rothaíocht; Imeachtaí Bliantúla.

Foirm C : Trábhailte, Conláistí Saoire agus Eolas Ginearálta. Is ionann na fotheidil agus na cinn i bhFoirm D beagnach, seachas go n-áirítear, faoi eolas maidir le suíomh, cur síos ar an trá, conláistí, siamsaí, linnte snámha, freastalaí trá srl.

Foirm D : Baile nó Sráidbhaile, Conláistí agus Eolas Ginearálta. Fotheidil: Suíomh agus cur síos gearr air san áireamh, daonra, fearann áineasa, soláthairtí uisce agus séarachais; Seirbhísí Poiblí; Damhsa; Pictiúrlanna agus Amharclanna; Leabharlanna; Séipéil agus Seirbhísí Eaglasta; Áiseanna Poist; Baincéireacht; Soláthar Spóirt agus Grianghraif; Linnte Snámha agus Folcthaí; Clubanna Sóisialta, Cumainn Chultúrtha srl.; Tionscail agus Lámhcheardaíocht; Séadchomharthaí Poiblí; Foirgnimh Thábhachtacha Phoiblí; Scoileanna agus Coláistí; Ospidéil; Aontaí agus Margaí; Leathlae Saoire; Garáistí agus Stáisiúin Pheitril; Gléasanna Iompair ar Cíos (Úinéirí); Láithreáin Champála.

Form E : Baile nó Sráidbhaile, Cóiríocht agus Lónadóireacht. Fotheidil: óstáin, tithe aíochta nó tithe lóistín, bialanna agus ionaid chaife. Tugtar líon na seomraí, leithris, ionlanna, tábhairní ceadúnaithe agus tábhairní mídhleathacha, agus colún le haghaidh nótaí.

Nuair nach raibh dóthain spáis fágtha ar an bhfoirm chun an t-eolas ar fad a líonadh isteach, chuirtí leathanaigh bhreise isteach leis. Tarraingíodh pictiúir de sheaniarsmaí i gcuid de na paróistí agus glacadh grianghraif de radhairc áille, áiteanna is díol spéise agus láithreáin seandálaíochta.

ITA Parish Surveys

The Irish Tourist Association surveyed the entire county of Mayo and the survey data for the parishes  are available below.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha