Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seoladh Pobail Fholláine Sláintecare Mhaigh Eo


Date: 01-11-2022

Thug an tAire um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí cuairt ar Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine seo caite an 28 Deireadh Fómhair 2022 chun Pobail Fholláine Sláintecare Mhaigh Eo a sheoladh. Tionscnaimh tras-rialtais é Pobail Fholláine Sláintecare a seoladh ar bhonn náisiúnta in 2021 chun tuilleadh seirbhísí sláinte agus folláine a chur ar fáil in 19 pobal ar fud na hÉireann. Tá ceantar Acla, ceantar Iorrais agus ceantar Bhaile an Chaisil mar chuid de limistéar Phobal Folláin Mhaigh Eo Thuaidh, mar a bhfuil oiread is 14,000 duine ina gcónaí.

Chuir Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Michael Kilcoyne, Príomh‑Fheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Kevin Kelly, Príomhoifigeach Cúraim Sláinte Pobal an Iarthair in FSS, Breda Crehan-Roche agus Ceann Seirbhísí Sláinte agus Folláine FSS, Elaine Prendergast, fáilte roimh an Aire Feighan chuig an ócáid. D’fhreastail Dara Calleary , T.D., Rose Conway Walsh T.D., agus an Comhairleoir Gerry McMonagle, Cathaoirleach Fhóram Réigiúnach Sláinte an Iarthair ar an seoladh freisin.

D'oibrigh an Roinn Sláinte, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Cúraim Sláinte Pobail an Iarthair in FSS agus comhpháirtithe áitiúla amhail Mayo North East, The Family Life Centre agus Foróige i gcomhar le chéile le go bhféadfaí Pobail Fholláine Sláintecare Mhaigh Eo a sheoladh go hoifigiúil. Tá cláir agus tionscnaimh pobail, atá bunaithe ar an taighde is fearr, á gcur ar fáil acu chun folláine a fheabhsú sa phobal agus chun feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhisí lena gcuirtear dea-nósanna sláinte chun cinn sa phobal.

Tionscadal comhpháirtíochta is ea Pobail Fholláine Sláintecare ina n-oibrímid le chéile le cinntiú go dtugtar an tacaíocht chuí do na pobail a bhfuil na riachtanais is mó acu, ionas go mbeidh daoine in ann saol níos faide agus níos folláine a bheith acu. Ní féidir na hathruithe sin a bhaint amach tríd an gcóras sláinte amháin. Le cinntiú go ndéanfar athrú buan chun feabhais i saol daoine, caithfimid obair le chéile chun pobail a chruthú ina mbeidh daoine i mbarr na sláinte. Tá tuiscint ar leith ag ár gcomhpháirtithe áitiúla ar na dúshláin atá roimh na pobail seo agus ar na buanna atá acu. Tá na heagraíochtaí sin neadaithe sa phobal agus tá muinín ag an bpobal astu, agus rachaidh sé sin go mór chun sochair dúinn sa tionscadal seo,” a dúirt ann tAire Feighan ag an seoladh.

Mhínigh Breda Crehan-Roche go mbainfear úsáid as an infheistíocht fhadtéarmach ó FSS (dar luach €520,000 gach bliain) chun cláir éagsúla a bhunú agus a chur ar fáil. Ina measc sin beidh seirbhís saor in aisce a chuideoidh le daoine éirí as caitheamh tabac, cláir thuismitheoireachta, ranganna cócaireachta folláine agus oideasú sóisialta.

Ina theannta sin, mhínigh Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo gur chuir an tÚdarás Áitiúil Maoiniú d’Fheabhsú Phobail Folláine Sláintecare dar luach €250,000  ar fáil a caitheadh i Leacain, ar an bhFód Dubh, i mBaingear/ Cill tSéine agus in Acaill, ar thionscadail éagsúla amhail bealaí siúlóide inrochtana agus tionscnaimh eile nach iad.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha