Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Bóithre

Taisteal Gníomhach

Ní hamháin go gcruthaíonn Taisteal Gníomhach tairbhe mhór dár bpláinéad, cruthaíonn sé tairbhe iontach dár ndaoine freisin.

Céard é Taisteal Gníomhach?

Is ionann Taisteal Gníomhach agus taisteal agus é mar chuspóir d’fhuinneamh féin a úsáid.

Is gnách go gciallaíonn seo siúl, scútáil (gan inneall) nó rothaíocht mar chuid d’aistear a bhfuil cuspóir leis. Is minic gur féidir taisteal gníomhach a thabhairt isteach sa saol laethúil gan stró ar bith mar chuid de na gnáthaimh laethúla. Meastar gur taisteal gníomhach iad siúl mar chuid den chomaitéireacht chun na hoibre, rothaíocht chuig an siopa nó scútáil go dtí an scoil.

mheastar gurb ionann siúl, scútáil nó rothaíocht díreach ar mhaithe le fóillíocht agus taisteal gníomhach.

Buntáistí an Taistil Ghníomhaigh

Glacfaidh Taisteal Gníomhach le ról tábhachtach chun dul i ngleic leis na dúshláin tráchta agus chomhshaoil atá romhainn ach cuirfidh sé stíleanna maireachtála níos sláintiúla ar fáil do dhaoine freisin agus is féidir leis fíorthairbhí a chruthú dár ngeilleagair áitiúla.

I measc na mbuntáistí, tá:

  • Feabhsúcháin ar an tSláinte Fhisiciúil agus ar an Meabhairshláinte – Is léir go gcruthaíonn Taisteal Gníomhach tairbhí dúinn i dtaobh ár sláinte fisiciúla ach cuirfidh sé feabhas mór freisin ar ár meabhairshláinte.
  • Astaíochtaí Carbóin a Laghdú – Is féidir linn truailliú a laghdú agus áiteanna níos glaine agus níos sláintiúla le húsáid a dhéanamh dár ríocht phoiblí trínár n-aistir i ngluaisteán a laghdú.
  • Airgead a Choigilt – Is féidir leat coigilteas a bhaint amach trí do rothar a úsáid nó siúl. Cuireann Scéim na Rothar chun Oibre faoiseamh cánach ar fáil do dhaoine a rothaíonn chuig an obair.
  • Bealaí Níos Sábháilte chuig Scoileanna  – Is gnách gur ceist mhór é brú tráchta ag na geataí scoile, agus is féidir le Taisteal Gníomhach cabhrú le roghanna níos sábháilte rochtana a chruthú.
  • Brú Tráchta a Laghdú – Beidh líonta níos lú feithiclí mar thoradh ar Thaisteal Gníomhach méadaithe - agus beidh níos lú brú tráchta mar thoradh air seo.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha