Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialú Foirgníochta

Fúinn


Is é Comhairle Contae Mhaigh Eo an tÚdarás Rialaithe Tógála don Chontae. Baineann ár gcuid oibre le forfheidhmiú na nAchtanna um Rialú Foirgníochta, 1990 go 2014, agus na rialacháin a dhéantar faoi na hAchtanna sin. Folaíonn sé seo próiseáil a dhéanamh ar Iarratais ar Dheimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán agus ar Dheimhnithe Rochtana Míchumais, bailíochtú a dhéanamh ar Fhógraí Tosaigh Feidhme agus ar Dheimhnithe Comhlíontachta Críochnaithe d’fhorbraíochtaí.

Tá cumhachtaí lánroghnacha againn iniúchtaí a dhéanamh ar fhoirgnimh d’fhonn comhlíontacht le Rialacháin Tógála a sheiceáil. Tá an ceart againn chomh maith faisnéis a iarraidh maidir le hoibreacha a bhfuil feidhm ag na Rialacháin Tógála orthu agus tá an chumhacht forfeidhmithe agus/nó ionchúisimh againn i ndáil le neamhchomhlíontacht leis na Rialacháin Tógála.

Tá fáil anseo ar na foirmeacha uile a fhéadfaidh a bheith ag teastáil uait le haghaidh tógáil nua, síneadh nó athrú úsáide, mar aon le haon eolas a fhéadfaidh a bheith ag teastáil uait roimh iad a chomhlánú.

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha