Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialú Foirgníochta

Rialacháin Foirgníochta


The information provided here is an overview of the Building Regulations. It is not a detailed review and is not a definitive legal interpretation of building control law. You should employ a competent designer and a competent supervisor to provide you with professional advice and to oversee the construction. 

Building regulations provide for the health, safety and welfare of people in or about buildings, conservation of fuel and energy and access for people with disabilities. Primary responsibility for compliance with the requirements of the building regulations rests with the designers, builders and building owners. 

Where possible we try to resolve problems by discussing them with the builder to find an agreed solution. Occasionally, however, we serve enforcement notices where contraventions of the Regulations occur and, in certain cases, we can, and do prosecute.  

As well as inspecting buildings during construction, we have the authority to examine documents, drawings and other materials relevant to the work. Primary responsibility for compliance with the Building Regulations rests with the designers, builders and building owners.  

To view the Building Control Acts & Regulations click here

Guidance to comply with the Building Regulations is provided in a set of documents known as the Technical Guidance Documents. These may be viewed and downloaded on the Department of Housing Planning and Local Government Website here  

 

Regulations


  • Cuid A - Struchtúr

    Ní mór d'fhoirgnimh a bheith deartha agus tógtha sa chaoi nach gcuirfidh aon ghluaiseacht san fho-ithir isteach ar chobhsaíocht aon chuid den fhoirgneamh agus caithfidh struchtúr an fhoirgnimh a bheith slán. Ba chóir go mbeadh an foirgneamh deartha go gairmiúil ó bhonn go dhíon.

  • Cuid B - Sábháilteacht ó Dhóiteán

    Ní mór d’fhoirgnimh a bheith deartha agus tógtha sa chaoi go bhfuil bealach sásúil éalaithe astu i gcás tine. Ní mór cosaint shásúil in aghaidh dóiteáin a bheith ann, córais rabhcháin srl. san áireamh. Caithfidh líneáil na mballaí agus na síleála a bheith ar an gcineál a chuireann bac ar leathadh tine. Ní mór do bhallaí, urláir agus díonta cosc a chur ar leathadh tine idir foirgnimh éagsúla nó idir ranna an fhoirgnimh. Ní mór bealach isteach a sholáthar do sheirbhísí dóiteáin.  Bíonn Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ag teastáil ón gcuid is mó d'fhoirgnimh, cé is moite de thithe nua príobháideacha.

  • Cuid C – Ullmhú an Láithreáin agus Frithsheasmhacht in aghaidh Taisligh

    Ní mór aon ábhar orgánach a bhaint den talamh ar a dtógfar an foirgneamh. Ní mór córas draenála don fho-ithir a chur i bhfeidhm nuair is gá. Ní mór don fhoirgneamh a bheith deartha agus tógtha sa chaoi go gcuirfear bac ar thaisleach teacht isteach. Ní mór réamhchúraim réasúnta a ghlacadh ionas nach gcuirfidh substaintí sláinte ná sábháilteacht i mbaol,, e.g.gás radóin . 

  • Cuid D – Ábhar agus Saoirseacht

    Ní mór ábhar ceart a úsáid sna hoibreacha uile agus iad a chur i gcrích ar bhealach ceardúil. Ba chóir d’ábhair a bheith:

    • Fit for the use for which they are intended and are certified with CE marking in accordance with the Construction Products Regulation. 
    • Comply with an appropriate harmonised standard or European Technical Assessment. 
    • Comply with an appropriate Irish Standard or Irish Agreement Certificate or with an alternative suitable national technical specification of any state which is a contracting party to the Agreement on the European Economic Area. 
  • Cuid E - Fuaim

    Ba chóir ballaí agus urláir a dheighleann foirgneamh amháin ó fhoirgneamh eile, nó a dheighleann an t-áras cónaithe ó chuid eile den fhoirgneamh céanna nach gcónaíonn daoine ann, a bheith deartha agus tógtha sa chaoi go bhfuil frithsheasmhacht réasúnta aige in aghaidh fuaimeanna aeriompartha agus imbhuailte araon.

  • Cuid F - Aeráil

    Ba chóir go mbeadh modh ginearálta (sa chúlra) aerála agus modh sciobtha aerála ag na seomraí ináitrithe uile, agus ba chóir go mbeadh córas meicniúil aerála feistithe ina theannta sin i gcistineacha, seomraí acraí agus i seomraí folctha.  D’fhéadfadh córas meicniúil aerála le hathshaothrú teasa (MVHR) a úsáid chun riachtanais na gcóras ginearálta agus meicniúil aerála a chomhlíonadh. Ba chóir do shíleálacha a bheith ar airde chuí nach gcuirtear bac ar aeráil na seomraí ináitrithe. Ba chóir foirgnimh a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach mbeidh iomarca comhdhlúthú sa díon nó i bhfolús an dín os cionn síleáil inslithe.

  • Cuid G - Sláinteachas

    A dwelling must be provided with: 

    • Seomra folctha le folcadán feistithe agus báisín níocháin 
    • Cistin le doirteal agus clár silte de mhéid chuí  
    • Ní mór soláthar uisce fhuair agus the araon a bheith sa seomra folctha agus sa chistin.  

    Ba chóir líon imleor leithreas a sholáthar i bhfoirgnimh, iad feistithe i seomraí atá curtha ar fáil don chuspóir sin amháin, nó i seomraí folctha.  Ní mór do gach seomra nó seomra folctha ina bhfuil leithreas a bheith scartha ar bhealach cuí ó aon áit a ndéantar bia a ullmhú nó a chócaráil.

  • Cuid H - Draenáil agus Diúscairt Fuíolluisce

    Ní mór uisce dromchla agus fuíolluisce bréan a dhiúscairt ar bhealach ceart sábháilte i gcóras cuí draenála ar tógadh chuig an gcuspóir sin é. Ní mór córais cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a thógáil i gceart agus caithfidh siad a ngnó a dhéanamh gan dochar ná truailliú a dhéanamh do shláinte aon duine ná don chomhshaol.

  • Cuid J - Fearais Giniúna Teasa

    Ní mór a chinntiú go bhfuil soláthar imleor aeir ag gach fearas le haghaidh dócháin agus sa chaoi go bhfeidhmeoidh múcháin agus simléir go héifeachtach. Ní mór méid imleor de na táirgí dócháin a dhiúscairt san aer lasmuigh. Ní mór púirphíobáin, teallaigh agus simléir a dhearadh agus a thógáil ar bhealach a laghdaíonn baol na tine san fhoirgneamh. Ní mór umair ola a chur in áit a mhaolódh an baol go rachadh sé trí thine i gcás tine san fhoirgneamh.

  • Cuid K - Staighrí, Dréimirí, Rampaí agus Cumhdaigh

    Ní mór do staighrí, dréimirí agus rampaí a bheith ina mbealaí sábháilte isteach agus amach ón bhfoirgneamh d’úsáideoirí an fhoirgnimh, agus caithfidh taobhanna na n-urlár ar fad, na mbalcóiní srl. a bheith cosanta chun baol titime a mhaolú. Ba chóir castóirí a sheachaint ar staighrí.Ní mór taobhanna na rampaí feithicle, agus taobhanna aon urláir nó dín a bhfuil rochtain ag feithiclí orthu, a bheith cosanta sa chaoi nach dtitfidh feithiclí díobh.

  • Cuid L – Caomhnú Breosla agus Fuinnimh

    Ní mór foirgnimh a dhearadh agus a thógáil sa chaoi nach dteastaíonn ach an méid fuinnimh is lú chun an foirgneamh a fheidhmiú, agus sa chaoi go n-astaítear a laghad CO2 agus is féidir.  Ní mór a léiriú tríd an nGnáthamh Measúnaithe Fuinnimh d'Áiteanna Chónaithe (DEAP) nó tríd an nGnáthamh Measúnaithe Funnimh d'Áiteanna Neamhchónaithe (NEAP) i gcás foirgneamh nach áiteanna cónaithe iad, gur cloíodh leis an Rialachán.

    De réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feidhmíocht Fuinneamh Foirgneamh), 2012, ní mór Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (RFF) agus Tuairisc Fhaisnéiseach a fháil sula ndéantar aon fhoirgneamh nua a áitiú den chéad uair, nó sula ndíoltar nó ligtear amach ar cíos foirgneamh ar bith.

  • Cuid M – Rochtain agus Úsáid

    Caithfidh daoine a bheith in ann teacht chuig, dul isteach in, agus úsáid a bhaint as foirgneamh, as síneadh le foirgneamh, as áiseanna an fhoirgnimh agus as an limistéar mórthimpeall air go sábháilte agus go neamhspleách. I gcásanna a bhfuil áiseanna sláintíocha curtha ar fáil, ní mór áiseanna ar féidir dul isteach iontu go neamhspleách a sholáthar. Níor chóir go gcruthódh gnéithe den fhoirgneamh baol míchuí do dhaoine, go háirithe daoine lagamhairc, lagéisteachta nó maolghluaiste.

    Bíonn Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas ag teastáil ón gcuid is mó d'fhoirgnimh, cé is moite de thithe nua príobháideacha.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha