Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Ceantar Bardasach Chlár Chlainne Mhuiris- Bhéal Átha na Muice

Páirceáil


Páirceáil

Ghlac Ceantar Bardasach Chlár Chlainne Mhuiris-Bhéal Átha na Muice le Fodhlíthe maidir le Páirceáil Sráide agus Fodhlíthe Carrchlóis chun trácht a rialú agus a bhainistiú i gClár Chlainne Mhuiris agus i mBaile an Róba.

Tá na fodhlíthe i bhfeidhm chun an trácht a bhainistiú ar bhealach ceart, éifeachtach. Cinntíonn na Maoir Phobail go gcloítear leis na fodhlíthe seo trí mhonatóireacht leanúnach a dhéanamh sna bailte uile.

‌‌‌Fíneáil Pháirceála a Íoc

Is féidir fíneáil pháirceála a íoc i bpearsa ag na hoifigí seo a leanas: 

  • Bóthar Chill Colmáin, Clár Chlainne Mhuiris:  Eircode F12 P383 
  • Bóthar Chill Mheáin, Baile an Róba: Eircode F31 RR96 
  • Bóthar an Stáisiúin, Béal Átha na Muice: Eircode F12 V126 

Páirceáil Íoc agus Taispeáin 

Tá Páirceáil Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm i limistéir shainithe i gClár Chlainne Mhuiris agus i mBaile an Róba le cinntiú go mbeidh sruth leanúnach tráchta ann chomh maith le háiseanna páirceála dóibh siúd a bhaineann úsáid as seirbhísí sa bhaile.

Cead Míosúil  Páirceála

Is féidir le daoine ón bpobal Cead Míosúil Páirceála a cheannach a thugann cead dóibh páirceáil i gcarrchlós fadtréimhseach nó gearrthréimhseach ar feadh míosa.

Ní thugann Cead Míosúil Páirceála cead páirceála in áit nó ar bhealach atá toirmiscthe. Níl Cead Míosúil Páirceála bailí ach don sceideal carrchlóis atá sonraithe ar an gcead.

Cead Páirceála Áitritheora

Is féidir Cead Páirceála Áitritheora a fháil ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo d’áitritheoirí a bhfuil cónaí orthu sna háiteanna a bhfuil páirceáil íoc agus taispeáin/páirceáil diosca i bhfeidhm. Ní mór foirm iarratais agus na cáipéisí a ghabhann léi a leagan isteach chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo. Ní ghlacfar le hiarratais ach ón duine ar mian leis/léi cead a fháil, agus ní mór don fhoirm a bheith comhlánaithe agus na cáipéisí riachtanacha a bheith in éineacht léi. Tá sé de cheart ag Comhairle Baile Chaisleán an Bharraigh tuilleadh eolais a lorg chun tacú le hiarratas nó le hathnuachan. Ní cheadaítear ach iarratas amháin ó gach iarratasóir.

Ní chinntíonn Cead Páirceála Áitritheora spás poiblí páirceála don té a bhfuil an cead sin aige/aici. Ní thugann Cead Páirceála Áitritheora cead páirceála in áit nó ar bhealach atá toirmiscthe. Níl Cead Páirceála Áitritheora bailí ach don fheithicil agus don tsráid/na sráideanna atá sonraithe ar an gcead.

Tá foirmeacha iarratais le haghaidh Cead Páirceála Áitritheora ar fáil thíos agus is féidir iad a chur ar ais agus iad comhlánaithe chuig ceann ar bith de na hOifigí seo:

  • Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar Chill Colmáin, Clár Chlainne Mhuiris, Eircode F12 P383,
  • Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar Chill Mheáin, Baile an Róba: Eircode F31 RR96 

 

Foirm Iarratais le haghaidh Cead Páirceála Áitritheora –  Clár Chlainne Mhuiris ar fáil ANSEO

Foirm Iarratais le haghaidh Cead Páirceála Áitritheora –  Baile an Róba ar fáil ANSEO

 

Cead Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas

D’fhéadfadh duine faoi mhíchumas a bheith i dteideal Cead Páirceála do Dhaoine faoi Mhíchumas. Ní hí Comhairle Contae Mhaigh Eo a eisíonn na ceadanna seo ach Cumann na hÉireann do Thiománaithe faoi Mhíchumas agus Cumann Chathaoir Rotha na hÉireann.

Nós imeachta maidir le fíneáil pháirceála a achomharc.

Más mian leat fíneáil pháirceála a achomharc beidh ort d’achomharc a chur isteach i scríbhinn chuig:

  • Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar Chill Colmáin, Clár Chlainne Mhuiris, Eircode F12 P383, or 
  • Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar Chill Mheáin, Baile an Róba: Eircode F31 RR96 

 

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha