Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialachas agus Daonlathas

Acmhainní Daonna

Tacaíonn an Rannóg Acmhainní Daonna le Comhairle Contae Mhaigh Eo a fís a bhaint amach gur contae inmharthana, ionchuimsitheach, rathúil agus bródúil a bheidh i gContae Mhaigh Eo.

Tá sé mar aidhm againn seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil don Chomhairle agus don phobal chuige sin. Áirítear leis sin baill foirne nua a cheapadh, tacaíocht a tabhairt don fhoireann agus í a spreagadh, agus clár deiseanna oiliúna leanúnaí agus seirbhísí cúnaimh d’fhostaithe a chur ar fáil.

Is fostóir comhdheiseanna í Comhairle Contae Mhaigh Eo. Comhlíonann an Chomhairle a ról le tacaíocht ón Rannóg Acmhainní daonna a chuireann cúnamh ar fáil d’fhostaithe nuair is gá le linn an phróisis earcaíochta agus fostaíochta.

Ina theanna sin, is í an Rannóg Acmhainní Daonna a phléann le seirbhísí pinsin d’fhostaithe atá ar scor.

Ár Seirbhísí

  • Baill foirne nua a earcú
  • Monatóireacht a dhéanamh ar fholláine na foirne
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chomhionannas san ionad oibre
  • Oiliúint a chur ar fáil don fhoireann
  • Cúrsaí pinsin
  • Polasaithe um cothromaíocht oibre agus teaghlaigh a chur chun feidhme
  • Caidrimh thionsclaíocha
  • Riarachán saoire
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • Printíseachtaí agus socrúcháin oibre a éascú

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

Foirm Iarratais

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

Déan teagmháil linn

Déan teagmháil linn
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha