Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialachas Corparáideach

Plean Corparáideach


Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag croílár phobal an chontae agus is í an phríomheagraíocht a oibríonn ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta i Maigh Eo. Agus an Chomhairle ina ceannasaí daonlathach ar an gContae, déanann sí ionadaíocht ar an bpobal ar fad. Soláthraíonn sí seirbhísí áitiúla ríthábhachtacha a chuireann go mór le caighdeán maireachtála na ndaoine uile atá ina gcónaí i Maigh Eo, a oibríonn i Maigh Eo agus a thugann cuairt ar Mhaigh Eo.

Tá ról lárnach ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i dtaca le ceantar inbhuanaithe, ionchuimsitheach, rathúil agus bródúil a dhéanamh de Chontae Mhaigh Eo. Céim thábhachtach is ea an Plean Corparáide dúinn agus muid ag iarraidh an gealltanas sin a bhaint amach. Leagaimid amach sa Phlean an misean atá againne, an phríomheagraíocht dhaonlathach a dhéanann ionadaíocht ar mhuintir Mhaigh Eo, an méid ba mhaith linn a bhaint amach ar son an phobail sna cúig bliana atá romhainn, agus an chaoi a ndéanfaimid é. Leagtar amach sa Phlean seo freisin na spriocanna atá romhainn agus an chaoi a ndéanfaimid measúnú ar ár gcuid oibre ionas go bhfeicfidh muintir Mhaigh Eo go mbainimid amach ár ngealltanas dóibh ar bhealach éifeachtach.  

Plean Corparáideach Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2019-2024

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha