Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Rialachas agus Daonlathas

Cumarsáid

Fáilte chuig Rannóg Cumarsáide Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Scaipimid eolas faoi ról Chomhairle Contae Mhaigh Eo maidir le seirbhísí a sholáthar. Chomh maith leis sin, cuireann muid Maigh Eo chun cinn mar áit ar féidir maireachtáil faoi rath agus gnó a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Mar chuid dár ról, éascaímid cumarsáid inmheánach sa Chomhairle agus cuirimid teachtaireachtaí seachtracha le chéile thar ceann rannóga uile na Comhairle. Eisímid preaseisiúintí, ráitis agus tráchtanna do na meáin thar ceann Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tacaímid le pobail agus gnólachtaí áitiúla agus tarraingímid aird orthu ar ár gcainéal ar na meáin shóisialta, @MayoDotIE agus @MayoCoCo, ar a bhfógraímid ócáidí agus tionscnaimh a chuirtear ar bun ar fud an Chontae.

Cinntímid go bhfuil an fhaisnéis phoiblí faoi sheirbhísí agus beartais na Comhairle ar ardchaighdeán agus ar fáil go forleathan, de réir dhea-chleachtais na n-údarás áitiúil uile. Ina theanna sin, táimid freagrach as branda an Chontae, Mayo.ie, a chur chun cinn.‌

Soláthraímid seirbhísí Oifig na Gaeilge agus seirbhísí Chlár Feasachta na Comhairle i leith Sábháilteacht ar Bhóithre mar chuid dár rannóg freisin.


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha