Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí

Sabháilteacht ar Bhóithre


Fáilte go dtí Rannóg Sábháilteachta ar Bhóithre de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Tá breis is 1,500 ciloméadar de bhóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla faoi bhainistíocht na Comhairle agus déanann muid infheistíocht ar bhonn leanúnach, i gcothabháil agus i bhfeabhsú ár mbóithre.

Tá sé mar sprioc ag an Oifig um Shábháilteacht ar Bhóithre an chontúirt ar na bóithre seo a laghdú agus thar rud ar bith eile, beatha a shábháil. Déantar seo ar réimse bealaí: idir infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar agus an leibhéal feasachta agus oideachais a ardú maidir le cúrsaí sábháilteachta ar bhóithre ar fud Mhaigh Eo.

Cé go bhfuil an chomhairle freagrach as na gníomhaíochtaí seo a mhaoirsiú, áis phoiblí atá sna bóithre, rud a chiallaíonn gur leat féin iad! Tá muid ar fad freagrach as a chinntiú go bhfuil ár mbóithre chomh sábháilte agus is féidir. Is cuma cé acu an coisí, rothaí nó tiománaí tú – tá dualgas orainn ar fad muid féin agus daoine eile a chosaint agus na bóithre a úsáid ar bhealach atá sábháilte agus freagrach.

Chun leideanna a fháil maidir leis an méid sin, lean ort ag brabhsáil tríd an suíomh seo. Má bhíonn tuilleadh eolais uait, déan teagmháil lenár n-Oifig um Shábháilteacht ar Bhóithre.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha