Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Clár Na Dtoghthóirí – Reifrinn 2024


Date: 30-01-2024

Mura bhfuil tú cláraithe le vóta a chaitheamh, is féidir leat iarratas a dhéanamh go fóill go gcuirfear san áireamh thú ar Liosta Cothromúcháin Chlár na dToghthóirí (Forlíonadh) do na Reifrinn a bheidh ag teacht aníos a chuirfear ar siúl an 8 Márta 2024. 

Dáta Deiridh:   Dé Máirt, an 20 Feabhra 2024 ag 5:00 p.m.

Le bheith incháilithe vóta a chaitheamh i Reifreann:

  1. Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois an 8 Márta 2024 nó roimhe sin;
  2. Caithfidh cónaí a bheith ort ag an seoladh ar mian leat go gclárófar ann thú;
  3. Caithfidh saoránacht Éireannach a bheith agat.

Conas iarratas a dhéanamh:

  • Ar líne ag www.checktheregister.ie
  • Tá foirmeacha cruachóipe (ERF1) ar fáil ag gach oifig an phoist, stáisiún Gardaí, leabharlann agus oifig na Comhairle agus is féidir iad a íoslódáil freisin ag www.checktheregister.ie.

Vótálaithe Poist Agus Speisialta

Má tá cosc ort i ngeall ar bhreoiteacht nó ar mhíchumas nó mar gheall ar chúiseanna oibre/seirbhíse nó staidéir ó fhreastal ar stáisiún vótála ar lá na vótála nó más mian leat iarratas a dhéanamh a bheith i do thoghthóir gan ainm, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal vóta a chaitheamh sa phost.

Má chónaíonn tú i dteach altranais, in ospidéal nó ina mhacasamhail d’institiúid, agus mura féidir leat dul go dtí do stáisiún vótála le vóta a chaitheamh mar gheall ar bhreoiteacht nó ar mhíchumas, is féidir leat iarratas a dhéanamh go gcuirfear thú le Liosta Cothromúcháin na Vótálaithe Speisialta.

Dáta Deiridh:     Dé Luain, an 12 Feabhra 2024 ag 5:00 p.m.

Tá foirmeacha iarratais agus sonraí ar fáil ó Fhoireann Chlár na dToghthóirí ag an seoladh a thaispeántar anseo thíos nó trí ghlaoch ar 0949064000 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig registerofelectors@mayococo.ie nó ar líne ag www.checktheregister.ie

John Condon,
Stiúrthóir Seirbhísí,
Comhairle Contae Mhaigh Eo,
Áras an Chontae,
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha