Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Scéim Ciste Sochair Pobail Abhainn Eidhneach, 2023 – Ag Glacadh le Léirithe Spéise


Date: 18-07-2023

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag glacadh le Léirithe Spéise ó ghrúpaí cáilithe* le haghaidh maoiniú ó Chiste Sochair Pobail Abhainn Eidhneach faoi Chatagóir 1 agus faoi Chatagóir 2.

Catagóir 1

Mórthionscadail Chaipitil

Catagóir 2

Tionscadal a bhfuil forbairt ag teastáil orthu (chun iarratas a dhéanamh ar Chatagóir 1 amach anseo)

Is féidir Foirmeacha Léirithe Spéise agus na doiciméid tacaíochta lena mbaineann a fháil ón Rannóg Pobail agus Forbartha Comhtháite, Comhairle Contae Mhaigh Eo, ach ríomhphost a chur chuig community@mayococo.ie.

Ba cheart Foirmeacha Léirithe Spéise comhlánaithe a chur isteach ar ríomhphost chuig community@mayococo.ie roimh 5pm Dé hAoine an 4 Lúnasa 2023.

Seoltar ceisteanna ar ríomhphost chuig community@mayococo.ie

Catagóirí cáilithe 

Ní dhéanfar measúnú le haghaidh maoinithe ach ar iarratais a thagann faoi cheann amháin ar a laghad de na catagóirí seo a leanas: 

Áiseanna, Cultúr/Oidhreacht, Oideachas, Fóillíocht/Sláinte, Ionchuimsiú Sóisialta, Forbairt Tuaithe, An Comhshaol.

Grúpaí cáilithe 

Tá critéir cháilíochta i gceist leis an scéim seo. Ina measc sin, caithfidh grúpaí a bheith cláraithe leis an Líonra Rannpháirtíochta Pobail (PPN) agus caithfidh siad a bheith lonnaithe taobh istigh den Sprioc-Cheantar.

Is féidir teacht ar thuileadh sonraí agus ar Leárscáil den Sprioc-Cheantar ag an nasc seo.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha