Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Leabharlann Oscailte


Cuireann Mo Leabharlann Oscailte uaireanta oscailte níos faide ar fáil do bhaill leabharlainne ar bhonn féinfhreastail taobh amuigh de ghnáthuaireanta oscailte, seacht lá na seachtaine ó 8pm go 10pm, 365 lá sa bhliain. Ní bhíonn aon athrú ar na gnáthuaireanta foirne mar gheall air seo, agus bíonn foireann iomlán ag obair i gcraobhacha uile Mo Leabharlann Oscailte taobh amuigh d’uaireanta Mo Leabharlann Oscailte.

Cuireann Mo Leabharlann Oscailte ar chumas úsáideoirí rochtain a fháil ar an leabharlann ag an am is mó a fheileann dóibh siúd, rud a neartaíonn ról na leabharlainne mar chroílár na rannpháirtíochta pobail. Mar gheall ar na seirbhísí feabhsaithe seo is féidir le custaiméirí earraí a fháil ar iasacht agus iad a thabhairt ar ais le linn tréimhsí nach bhfuil foireann sa leabharlann. Tá acmhainní eile ar fáil le linn na dtréimhsí céanna, rochtain ar ríomhairí, seirbhísí priontála agus rochtain Wi-Fi ina measc.

Beidh an tseirbhís Mo Leabharlann Oscailte ar fáil do bhaill leabharlainne atá 16 agus os a chionn, a luaithe is a bheidh ionduchtú curtha i gcrích acu. Ní mór tuismitheoir nó caomhnóir a bheith i gcomhluadar páistí atá faoi bhun 16.

Anseo i gContae Mhaigh Eo, beidh rochtain Mo Leabharlann Oscailte ar fáil i leabharlanna Bhéal an Átha agus Bhéal Átha na Muice faoi dheireadh 2020. 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha