Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Cláraigh mar Bhall den Leabharlann


Tá sé saor in aisce anois do gach duine ballraíocht a bhaint amach sa leabharlann agus leabhair a fháil ar iasacht. Le ballraíocht a bhaint amach leis an tseirbhís leabharlainne, ní mór duit foirm iarratais a chomhlánú. Is féidir seo a dhéanamh ar líne nó istigh sa leabharlann féin. Má chinneann tú ar bhallraíocht a bhaint amach ar líne beidh tú in ann iarratas a dhéanamh ar earraí láithreach, ach beidh ort bualadh isteach go dtí do chraobh áitiúil agus do bhallraíocht a dhearbhú sula mbeidh cead agat earraí a thógáil ar iasacht nó úsáid a bhaint as seirbhísí eile leabharlainne.

Beidh ort aitheantas fótagrafach (cruthúnas céannachta) agus cruthúnas ar do sheoladh reatha (d’áit chónaithe) a thaispeáint istigh sa leabharlann agus tú ag clárú mar bhall nó ag dearbhú clárúchán a rinne tú cheana ar líne. Is féidir ballraíocht a bhaint amach ag aois ar bith ach caithfidh páistí agus daoine óga atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois cead a fháil ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir.

Is féidir le baill leabharlainne suas le 12 earra a thógáil ar iasacht ar feadh trí seachtaine agus is féidir iad a athnuachan ar feadh tréimhse 3 seachtaine eile mura mbíonn na hearraí á n-iarraidh ag ball eile.

 

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha