Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhísí Bóithre

Plean Seirbhíse Geimhridh 2021/2022


Sa leabhrán Réidh don Gheimhreadh, cuirtear faisnéis thábhachtach ar fáil faoi thiomáint sa gheimhreadh.

Plean Seirbhíse Geimhridh Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2021/2022 i bhfeidhm anois.

Is é an aidhm atá leis an bPlean Seirbhíse Geimhridh treoir a leagan amach maidir leis an gcaoi a gcuirfear seirbhísí geimhridh ar fáil chun déileáil le hoighear agus le sneachta ar fud Chontae Mhaigh Eo. Cóireálann Comhairle Contae Mhaigh Eo 1,075 km bóithre ar 23 bhealach gach bliain de ghnáth. Is ionann sin agus 100% den phríomhghréasán náisiúnta, 100% den ghréasán tánaisteach náisiúnta, 82% de bhóithre réigiúnacha agus 3% den ghréasán bóithre áitiúil.

Déanann an tInnealtóir ar Dualgas measúnú ar dhálaí aimsire i Maigh Eo trí úsáid a bhaint as faisnéis ó Met Éireann agus ó stáisiúin aimsire uathoibríocha ar fud an chontae agus i gcontaetha eile.

Tá léarscáileanna ann sa phlean freisin ar a bhfuil na bealaí seirbhíse geimhridh le feiceáil.

Naisc úsáideacha eile: 

Cuirfear tuairiscí maidir le dálaí bóthair sa chontae ar fáil thíos agus ar Twitter (@MayoCoCo) más gá

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha