Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Pleanáil

Forbairt Dhíolmhaithe


Céard is Forbairt Dhíolmhaithe ann?

Is éard is forbairt dhíolmhaithe ann ná forbairt nach bhfuil cead pleanála ag teastáil lena haghaidh. Baineann an stádas seo de ghnáth le mionfhorbairtí, mar shampla garáistí, síntí ar thithe agus mar sin de. Leagtar amach na catagóirí éagsúla d’fhorbairtí díolmhaithe sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú). Má sháraíonn forbairt faoi leith na tairseacha liostaithe, teastaíonn cead pleanála don fhorbairt sin.

Tá tuilleadh eolais maidir le forbairt dhíolmhaithe le fáil anseo: http://www.irishstatutebook.ie/eli/2000/act/30/section/4/enacted/en/html

An bhfuil d’Fhorbairt Díolmhaithe?

Tá roinnt mionfhorbairtí díolmhaithe agus ní bhíonn cead pleanála ag teastáil lena n-aghaidh. Tá an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil tar éis treoir a chur ar fáil maidir le catagóirí éagsúla d’fhorbairtí, ina dtugtar mioneolas faoi dhíolúintí ó na catagóirí seo. 

Obair a Dhéanamh Thart ar an Teach

https://www.housing.gov.ie/sites/default/files/migrated-files/en/Publications/DevelopmentandHousing/Planning/FileDownLoad%2C1586%2Cen.pdf

Talmhaíocht agus Forbairt Feirme

https://www.housing.gov.ie/sites/default/files/migrated-files/en/Publications/DevelopmentandHousing/Planning/FileDownLoad%2C1587%2Cen.pdf

Pleanáil don Lucht Gnó

https://www.housing.gov.ie/sites/default/files/migrated-files/en/Publications/DevelopmentandHousing/Planning/FileDownLoad%2C1588%2Cen.pdf

Tá na Catagóirí agus na tairseacha uile leagtha amach sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú).

Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt

http://www.irishstatutebook.ie/eli/2001/si/600/made/en/print#sched2

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil líon áirithe cúinsí ina bhféadfadh díolúintí a bheith i gceist, mar shampla má bhaineann an togra le Ceantar Caomhnaithe Ailtireachta. Tá liosta iomlán de na srianta seo leagtha amach sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt:

http://www.irishstatutebook.ie/eli/2001/si/600/made/en/print#part2

An Féidir Liom Deimhniú Scríofa a Fháil ón Údarás Pleanála go Bhfuil m’Fhorbairt Díolmhaithe?

Is féidir. Faoi Rannóg 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, d’fhéadfadh duine ar bith, ach an Táille chuí a íoc (€80), dearbhú scríofa a iarraidh ar an Údarás Pleanála ina luafar go sonrach céard is forbairt dhíolmhaithe ann in aon chás faoi leith faoi fhorálacha an Achta sin. Ní mór don iarratasóir gach eolas riachtanach a chur ar fáil don Údarás Pleanála le cur ar chumas an Údaráis sin cinneadh a dhéanamh ar an gceist. Ba chóir an fhoirm iarratais agus na cáipéisí liostaithe a sheoladh chuig an Údarás Pleanála.

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha