Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Pleanáil

Plean Forbartha Molta Chomhairle Contae Mhaigh Eo, 2021-2027


Uasdátú Tábhachtach maidir le Plean Forbartha Chomhairle Contae Mhaigh Eo, 2020-2026

Uasdátú — Tá Próiseas Athbhreithnithe Phlean Forbartha Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar sos go dtí go mbeidh an Straitéis Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnach foilsithe.

Glacadh leis an gCreat Pleanála Náisiúnta ar an 29 Bealtaine 2018. Faoi láthair tá gach ceann de na Tionóil Réigiúnacha i mbun Straitéis Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnach a ullmhú a chuirfidh pleanáil straitéiseach agus beartas eacnamaíochta ar fáil ag leibhéal réigiúnach a thacóidh le cur i bhfeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála. Táthar ag súil go gcuirfear na Straitéisí Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnacha i gcrích go luath in 2019.  

Ní mór don Phlean Forbartha Contae a bheith ag teacht leis an Straitéis Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnach.

Le go mbeidh gach Údarás Áitiúil in ann a chinntiú go mbeidh amchlár athbhreithniú reachtúil a Phlean Forbartha ag teacht leis an Straitéis Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnach chuí, tá foráil san Acht um Pleanáil agus Forbairt (arna leasú), 2018, a achtaíodh ar an 19 Iúil 2018, maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe a chur ar fionraí agus é idir lámha suas le tráth nach déanaí ná 13 seachtaine i ndiaidh don Straitéis Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnach chuí a bheith déanta.

Agus an méid seo thuas á chur san áireamh, cuirfear próiseas athbhreithnithe reachtúil an phlean forbartha ar fionraí go dtí go mbeidh an Straitéis Spáis agus Eacnamaíochta Réigiúnach déanta, mar a leagtar amach san Acht.

Nuair a dhéanfar an próiseas athbhreithnithe a atosú, cuirfear an t-eolas is déanaí ar fáil ar shuíomh Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus trína chuntais Facebook agus Twitter. Is féidir dul i dteagmháil freisin leis an Rannóg Pleanála chun Cinn am ar bith leis an eolas is déanaí a fháil ag forwardplanning@mayococo.ie nó ar an bhfón ag 094 9047204. 

 

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha