Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Oidhreacht agus Caomhnú

Reiligí Stairiúla

Cuid fhíorthábhachtach dár n-oidhreacht iad reiligí stairiúla agus cuireann siad go mór lenár mórtas áite. Ní hamháin go bhfuil iarsmaí ár sinsear iontu, ach tá gnéithe tábhachtacha seandálaíochta agus ailtireachta iontu, agus tearmann don fhiadhúlra atá iontu, ina theannta sin. Séadchomharthaí Taifeadta iad go leor dár reiligí stairiúla, ar an gcúis seo, a liostaítear ar an Taifead ar Shéadchomharthaí agus Áiteanna  (an RMP).

Tá eolas ar go leor de na reiligí roimh 1700 AD ar fáil ag www.archaeology.ie. Is féidir leat na sonraí a chuardach nó a fhiosrú atá san Amharcóir Timpeallachtaí Stairiúla de réir contae, baile, baile fearainn nó aicme (saghas) shéadchomhartha, e.g. ‘Reilig’ nó ‘Reilig Leanaí’. 

Tá reiligí stairiúla á gcosaint faoin dlí agus teastaíonn toiliú ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sular féidir tabhairt faoi aon oibreacha. 

Má bheartaíonn tú tabhairt faoi oibreacha i reilig stairiúil, is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin leis an Oifig Oidhreachta  chun comhairle a fháil. Tá comhairle ghinearálta ar Reiligí Stairiúla a chaomhnú agus ar aire a thabhairt dóibh ar fáil ag na naisc thíos: 

An Leabhrán Reiligí Stairiúla a Chaomhnú agus  Aire a Thabhairt Dóibh

Bunachar Sonraí Reiligí Mhaigh Eo 

Thug Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi iniúchadh ar na reiligí uile i Maigh Eo, le tacaíocht ón gComhairle Oidhreachta in 2010. Cuireadh eolas ar adhlacthaí, úinéireacht, bail agus stádas gach reilige i dtaifead.

Tá Bunachar Sonraí Suirbhéireachta ar Reiligí Mhaigh Eo á nuashonrú faoi láthair agus beifear in ann amharc air anseo go gairid amach anseo


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha