Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Straitéis Oidhreachta

Straitéis Oidhreachta Chontae Mhaigh Eo

Tugann Comhairle Contae Mhaigh Eo cuireadh duit do thuairim a chur in iúl maidir le Straitéis Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae Mhaigh Eo 2023-2030.

Is féidir amharc ar an straitéis anseo.

Is í aidhm na straitéise ná oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha an chontae a aithint, a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus feasacht a mhúscailt fúithi.

D’fhorbair Comhairle Contae Mhaigh Eo an Dréachtstraitéis agus í ag obair i gcomhpháirt le Fóram Oidhreachta Mhaigh Eo agus bunaíodh í ar chomhairliúchán poiblí réamhdhréachta a cuireadh ar siúl in 2023. Sa dréachtstraitéis seo, cuirtear leis an méid a baineadh amach le Pleananna Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae Mhaigh Eo roimhe seo.

Moltar ocht dtéama inti, a liostaítear thíos, agus roinnt cuspóirí straitéiseacha beartaithe faoi gach ceann acu:

1. An Pobal

2. An Bhithéagsúlacht  

3. Feasacht agus Oideachas

4. Oidhreacht Stairiúil agus Seandálaíochta 

5. Taighde agus Bailiú Sonraí

6. An Aeráid

7. Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe

8. Comhpháirtíocht

Is féidir leat aighneacht scríofa a dhéanamh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

  • Ar ríomhphost chuig Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag heritage@mayococo.ie
  • Sa phost chuig: An tOifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo.

Ba cheart Aighneacht – Dréachtstraitéis Oidhreachta agus Bithéagsúlachta Chontae Mhaigh Eo 2023-2030’ a scríobh nó a chlóscríobh go soiléir ar gach aighneacht sa phost ar ríomhphost.

Tabhair faoi deara, le do thoil: Cuirfear aighneachtaí a gheobhaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo ar fáil don phobal.

Is é 4pm, Dé Luain, an 25 Meán Fómhair 2023 an spriocam le haghaidh aighneachtaí.

 


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha