Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Comhshaol, Athrú Aeráide agus Talmhaíocht

Straitéis Talmhaíochta Inbhuanaithe le haghaidh Chontae Mhaigh Eo


Straitéis Talmhaíochta Inbhuanaithe le haghaidh Chontae Mhaigh Eo ceaptha ag Comhairle Contae Maigh Eo i gcomhar lena comhpháirithe ó Mheitheal Oibre Talmhaíochta Mhaigh Eo agus ón gCoiste um Beartas Straitéiseach Pleanála Comhshaoil agus Talmhaíochta: Teagasc, An Roinn Talmhaíochta agus Bia, An tSeirbhís Páirceanna Náisúnta agus Fiadhúlra, Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann agus Irish Natura and Hill Farmers Association.

Is é cuspóir na straitéise bearta a leagan amach a bheidh ina dtreoir don earnáil chun leas a bhaint as na deiseanna atá aici agus chun na dúshláin atá roimpi a shárú ionas gur féidir forbairt a dhéanamh ar an gcuid thábhachtach seo de gheilleagar Mhaigh Eo.

Tarraingítear aird sa straitéis ar an méid a chuireann talamhaíocht le geilleagar Mhaigh Eo: oiread is 13,500 duine fostaithe ar fheirmeacha; €128 milliún d’ioncam feirme; €250 milliún d’aschur feirme; agus luach measta €500 á chur curtha le geilleagar Mhaigh Eo.

Is iad seo a leanas aidhmeanna na straitéise:

  • Ioncaim feirme a fheabhsú san fhadtéarma;
  • Luach an bhia uile a thairgtear a mhéadú;
  • A chinntiú go spreagtar feirmeoirí le ról tábhachtach a ghlacadh i bhforbairt na tíre as seo amach;
  • Tacú le hinfheistíocht leanúnach san earnáil;
  • Inbhuanaitheacht a chinntiú ó thaobh an chomhshaoil de.

Leagtar amach bearta soiléire sa straitéis le haghaidh na n‑earnálacha traidisiúnta (Mairteoil, Caoirigh agus Déiríocht) agus le haghaidh na n‑earnálacha nach bhfuil chomh forbartha sin (Foraoiseacht, Turasóireacht Talmhaíochta, Fuinneamh In‑Athnuaite agus Feirmeoireacht le Meas ar an Dúlra).

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha