Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Forbairt Chomhtháite Pobail

Maigh Eo Sláintiúil


Is tionscnamh Rialtais é Éire Shláintiúil a bhfuil sé mar aidhm aige sochaí a chothú in Éirinn ina bhféadfadh gach duine a bheith sláintiúil ina gcolainn agus ina meabhair, agus áit a chothú a bhfuil luach ag an bhfolláine agus ina dtugtar tacaíocht di ag gach leibhéal den tsochaí.

D’eascair Éire Shláintiúil as an imní atá ann go bhfuil stádas reatha sláinte mhuintir na hÉireann – lena n-áirítear treochtaí stíl mhaireachtála agus éagothroime sláinte – dár dtabhairt ar aghaidh chuig todhchaí atá thar bheith míshláintiúil, agus is dócha róchostasach.

Is furasta cuid den iliomad baol do shláinte agus folláine mhuintir na hÉireann a aithint: an otracht, meabhairshláinte, caitheamh tobac, alcól agus drugaí.

Féachann Éire Shláintiúil daoine agus pobail a chur ar an eolas faoi conas a sláinte agus a bhfolláine a fheabhsú agus féachann sé le hiad a chumhachtú agus spreagadh tríd an rogha shláintiúil a dhéanamh éasca.

Tá a fhios againn anois freisin gur beartais shóisialta, comhshaoil, agus eacnamaíocha is cúis leis na fachtóirí a mbíonn tionchar acu ar shláinte agus folláine duine, rudaí dála a leibhéil oideachais, teacht isteach, tithíocht, agus cúinsí oibre, rudaí a thiteann taobh amuigh de fhreagrachtaí díreacha na hearnála sláinte.

Dlíonn an tuiscint seo cur chuige comhpháirtíochta i ngach gníomh atá ar bun ag Éire Shláintiúil le hÉirinn shláintiúil a bhaint amach. Ní hí earnáil na sláinte amháin a réiteoidh na fadhbanna seo – caithfimid go léir ár gcur chuige a athrú le chéile.

Is faoi seo atá Éire Shláintiúil – tír shláintiúil a dhéanamh d’Éirinn trí athrú cultúir, athrú oibrithe agus athrú meoin. Tá ról ag gach duine i gcothú ár sláinte mheabhraí agus sláinte cholainne le go mbeidh rath ceart ar an tionscnamh.

Is é aidhm Éire Shláintiúil Éire a chruthú ina bhfuil luach ar an tsláinte agus an folláine agus ina dtacaítear leo agus ina bhfuil siad ar chlár oibre gach duine ar bhealach fónta.

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha