Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo

Litríochta

Tacaíonn Seirbhís Ealaíon Mhaigh Eo leis an litríocht.

Cuirimid clár le chéile gach bliain le Lá Éigse Éireann a cheiliúradh. In 2020 léigh Martin Dyar, Alice Kinsella agus Síoda Monaghan (file a bhfuil an-ghealladh fúithi) a gcuid filíochta ar Mid West Radio.

Le blianta beaga anuas táimid tar éis tacú leis na meantaithe ar éirigh leo áit a bhaint amach ar Chlár Meantóireachta Náisiúnta Words Ireland: 2020 – Anne Walsh Donnelly. 2019 – Mari Maxwell. 2018 – Alice Kinsella.

Thar na blianta, tá go leor scríbhneoirí tar éis leas a bhaint as Gradaim Tyrone Guthrie. In 2019, bronnadh sparánacht Tyrone Guthrie i gcomhar le Film Mayo ar Chian McGarrigle, scríbhneoir scripte, agus bhí an scríbhneoir Gemma Marren ina measc siúd ar bronnadh sparánacht réigiúnach de chuid Tyrone Guthrie orthu. Coinnigh súil ar an rannóg Ealaíona: Maoiniú agus Deiseanna le haghaidh tuilleadh eolais ar sparánachtaí réigiúnacha Tyrone Guthrie.

 

Cuireann Comhairle Contae Mhaigh Eo maoiniú straitéiseach ar fáil le haghaidh tionscnaimh litríochta i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon.

 

 


Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha