Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Lá Mhaigh Eo le Ceiliúradh i mBéal an Mhuirthead agus in Chicago


Date: 28-03-2024

Lá Mhaigh Eo - Bróisiúr 2024

Is gearr uainn anois an ceiliúradh den deichiú bliain de Lá Mhaigh Eo a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 4ú Bealtaine.

Chun an lá mór seo a cheiliúradh, tá dhá mhórimeacht eagraithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, ceann sa bhaile agus ceann thar farraige i gcéin.

Is i mBéal an Mhuirthead a bheidh príomhimeachtaí na féile, toisc go bhfuil an baile ag ceiliúradh 200 bliain ar an bhfód i mbliana. Is ann a bheidh an gabhar á róstadh le ceol, bia, taispeántais ealaíne, agus gníomhaíochtaí do pháistí ar siúl ar feadh an lae.

Cuirfear tús le ceol an phríomhardáin ag a 12 ag Cearnóg Cartúir, áit a mbeadh raidhse éagsúla ceoil a thaithneoidh leis an uile dhuine.

Is cois cladaigh a bheidh an Baile Bia ag duganna Bhéal an Mhuirthead, mar a mbeidh díoltóirí ó áiteanna ar fud an chontae ag tabhairt blaiseadh dá gcuid earraí dúinn. Ní hamháin sin, ach beidh sárchócairí an Iarthair ann chun taispeántais chócaireachta agus neart nod a roinnt leis an lucht féachana. 

Agus bhur gcuid blaisíní beatha faighte agaibh, bígí cinnte bualadh isteach ar Phuball na Gaeilge, mol na Gaeilge ag Lá Mhaigh Eo. Agus gníomhaíochtaí ann d’óg agus aosta, is cinnte go mbeidh scoth an chomhluadair le fáil ag muintir na Gaeilge ar an lá.

Ná déanaigí dearmad dul ag spaisteoireacht ar Shráid Mheiriceá chun amharc ar chuid de na píosaí álainn ceardaíochta a bhíonn á ndéanamh ag muintir Mhaigh Eo agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí áitiúla. Cúpla nóiméad de shiúl na gcos uaidh sin, beidh lucht mótair in ann lán an dá shúil a bhaint as an taispéantas seancharranna a bheidh ar taispeáint ar an Phríomhshráid. Is ag Áras Inis Gluaire a bheidh an spraoi, agus neart imeachtaí teaghlaigh ar siúl ar feadh an lae chomh maith le taispeántais ó Sheirbhís Dóiteáin Mhaigh Eo.

Bígí cinnte mar sin an 4ú lá de mhí na Bealtaine a chur san fhéilire le haghaidh Lá Mhaigh Eo i mbaile álainn Béal an Mhuirthead.

Beidh imeachtaí ar siúl trasna na farraige móra chomh maith ag Páirc na nGael in Chicago Mheiriceá. Beidh spiorad Mhaigh Eo le brath go láidir thall agus blaiseadh de cheol, bia, cluichí gaelacha, ceardaíocht, stair, oidhreacht an chontae le cur ar fáil do mhuintir Chicago ar an 4ú agus 5ú Bealtaine.

Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag súil go mór leis an gceiliúradh agus tá spreagadh á thabhairt aige do chuile dhuine sa bhaile agus i gcéin páirt a ghlacadh i Lá Mhaigh Eo: “Is féidir le muintir Mhaigh Eo Lá Mhaigh Eo a cheiliúradh cibé áit ina bhfuil siad ar domhan. Deis den scoth atá ann teacht le chéile agus na nithe is ansa linn faoin áit seo a cheiliúradh. Is iontach an rud é go mbeidh Lá Mhaigh Eo ar siúl i mBéal an Mhuirthead i mbliana mar chuid de cheiliúradh Bhéal an Mhuirthead 200, agus go bhfuil muid in ann ceiliúradh leis an diaspóra in Chicago.”




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha