Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Fógra lena bhFoilsítear Tús Iniúchta


Date: 15-08-2023

 

Fógra lena bhFoilsítear Tús Iniúchta

Tugtar fógra leis seo go ndéanfar iniúchadh ar chuntais an údaráis áitiúil atá ainmnithe thuas don bhliain airgeadais dar críoch ar an 31 Nollaig, 2022. Is é Réamonn Ó Láimhín, Príomh-Iniúchóir, a chuirfidh tús leis an iniúchadh ar an 30ú lá de Lúnasa, 2023. De réir alt 17 de na Rialacháin um Rialtas Áitiúil (Nósanna Imeachta Airgeadais agus Iniúchta) 2014, le linn an iniúchta, déanfaidh an tIniúchóir Rialtais Áitiúil athbhreithniú ar agóidí i leith aon ábhar nó ábhair atá sna cuntais éagsúla a ndearnadh tagairt dóibh.

Ba chóir fógra i scríbhinn maidir le haon agóid bheartaithe, ina leagtar amach na sonraí agus forais ábhartha ar a ndéanfar í, a sheoladh chuig an bPríomh-Iniúchóir a luaitear thuas ag an Oifig Iniúchta, Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh. Eo laistigh de dheich lá ó thús an iniúchta. Beidh an ráiteas airgeadais bliantúil ar fáil do chách le linn uaireanta oifige lena bhreathnú ar feadh tréimhse seacht lá roimh thús an iniúchta.

Arna dhátú an 9ú lá de Lúnasa 2023

Peadar Ó Dubhagáin

Ceannasaí Airgeadais




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha