Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Dhá ghradam buaite ag Comhairle Contae Mhaigh Eo sna Dámhachtainí um Fheabhas sa Rialtas Áitiúil


Date: 25-11-2022

Tá ríméad ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo a fhógairt gur bhuaigh sí dhá ghradam ag na Dámhachtainí um Fheabhas sa Rialtas Áitiúil Chambers Ireland, a bhí ar siúl in Óstán an Crowne Plaza, Seantrabh oíche Déardaoin.

Fógraíodh Comhairle Contae Mhaigh Eo ina buaiteoir sa chatagóir Gradam Athraithe Aeráide le haghaidh Thionscadal Gréasáin Limistéir Dhícharbónála Mhaigh Eo agus Gradam Tacaíochta Turasóireachta le haghaidh Bhealach Rothaíochta Chuan Mó. Bhí Comhairle Contae Mhaigh Eo ainmnithe freisin sa chatagóir Sláinte agus Folláine le haghaidh Thionscadal Conairí Fitstick/Siúl le Maidí Activator.

Ag labhairt dó faoin mbua dúirt an Comh. Seamus Weir, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo: “Ba mhór an onóir do Chomhairle Contae Mhaigh Eo an dá ghradam seo a bhuachan ag Dámhachtainí um Fheabhas sa Rialtas Áitiúil Chambers Ireland. Aithnítear tríd na gradaim seo an obair chrua atá ar bun ag an gcomhairle i réimsí éagsúla dála na turasóireachta agus an athraithe aeráide.”

“Léiríonn an bua gur ceannaire í Comhairle Contae Mhaigh Eo sna réimsí seo agus is iontach an duais é do cheannaireacht na comhairle agus don fhoireann dhícheallach dhíograiseach a bhíonn ag obair amuigh ansin i measc an phobail leis na físeanna seo lena bhfeabhsófar an contae do chách, idir chuairteoir agus chónaitheoir, a chur i gcrích.”

Rinne Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, Kevin Lally, comhghairdeachas le buaiteoirí na ngradam freisin: “Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu le buachan na ngradam seo trína léirítear gurb í Comhairle Contae Mhaigh Eo is fearr amuigh i ndá réimse fhíorthábhachta a chuirfidh bunchloch mhaith faoi rath an Chontae amach anseo.”

“Tá an turasóireacht ag croí Mhaigh Eo. Cruthaíonn sí fostaíocht agus meallann sí na mílte cuairteoirí chun ár gcontae gach bliain. Dhírigh Comhairle Contae Mhaigh Eo riamh ar chur chun cinn agus ar chothú na turasóireachta sa chontae agus is léiriú eile é bua Conair Rothar Chuan Mó ar an obair iontach atá ar bun san earnáil thábhachtach seo.

“Tuigeann Comhairle Contae Mhaigh Eo a ról cinnireachta maidir le dul i ngleic leis an Athrú Aeráide agus tá Tionscadal Gréasáin Limistéir Dhícharbónála Mhaigh Eo a bhuaigh an Gradam Athraithe Aeráide ar cheann de na tograí tábhachtacha atá againn agus muid ag tús cadhnaíochta sa réimse seo.”




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha