Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Boinn bronnta ar shaorálaithe de chuid Chosaint Shibhialta Mhaigh Eo ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh


Date: 30-11-2022

Ghlac saorálaithe de chuid Chosaint Shibhialta Mhaigh Eo páirt i slógadh mór saorálaithe Cosanta Sibhialta ó cheann ceann na hÉireann, ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh, Dé Máirt 19 Samhain 2022.

D’fhreastail an tAire Cosanta agus Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Simon Coveney TD, ar an ócáid, agus thug sé moladh mór do shaorálaithe agus oifigigh na Cosanta Sibhialta as a gcuid oibre le linn phaindéim COVID-19.

Choimisiúnaigh an tAire Coveney bonn speisialta COVID-19 do gach saorálaí a bhí i mbun dualgas agus tascála agus géarchéim COVID-19 i mbarr a dhonachta. Ar an iomlán, bronnfar an bonn seo ar thuairim is 1,500 saorálaí, agus bronnadh na boinn seo ar an gcéad 438 saorálaí ag an searmanas speisialta i bPáirc an Chrócaigh inné.

Ag labhairt dó ag an ócáid inné, dúirt an tAire Coveney: “In onóir an róil a bhí ag saorálaithe na Cosanta Sibhialta le linn na paindéime, an tacaíocht a thug siad dá bpobal áitiúil agus do na seirbhísí éigeandála tosaigh, tá bonn a dearadh go speisialta coimisiúnaithe agam le bronnadh ar bheagnach 1,500 saorálaí de chuid na Cosanta Sibhialta a ghlac páirt san iarracht seo. Bhí ríméad orm na chéad bhoinn seo a bhronnadh ag searmanas i bPáirc an Chrócaigh inniu.”

Thug saorálaithe de chuid na Cosanta Sibhialta faoi 9,500 tascáil le linn na paindéime agus iad ag tacú leis na hÚdaráis Áitiúla, FSS agus an Garda Síochána. Chabhraigh saorálaithe de chuid na Cosanta Sibhialta lena bpobal i ngach contae in Éirinn agus rinne saorálaithe i Maigh Eo isteach is amach le 2,000 uair an chloig dheonacha in 164 thascáil.

Chuir saorálaithe de chuid na Cosanta Sibhialta seirbhísí an-tábhachtach ar fáil lena n-áirítear daoine a thabhairt chuig coinní leighis agus cóir riachtanach leighis, daoine a thabhairt chuig ionaid tástála agus vacsaínithe, cúnamh riaracháin a thabhairt do Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann, cúnamh a thabhairt in ionaid vacsaínithe FSS, tástálacha COVID-19 a shórtáil agus a thabhairt go hionaid tástála, bia-ábhair a bhailiú agus a thabhairt ó sholáthraithe agus báicéirí le haghaidh moil bhia agus beartáin bhia, cógais leighis agus leabhair leabharlainne a thabhairt chuig teaghlaigh leochaileacha.

Dúirt Oifigeach Cosanta Sibhialta Mhaigh Eo, an tUasal Francis Power: “Is onóir é foireann na Cosanta Sibhialta anseo i Maigh Eo a stiúradh le tacaíocht na bainistíochta i gComhairle Contae Mhaigh Eo. Is iontach an ócáid é don eagraíocht aitheantas foirmiúil a fháil as na seirbhísí a chuir na saorálaithe agus na hoifigigh ar fáil dár bpobal le linn na paindéime”.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha