Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Clár Feabhsúcháin Áitiúil (LEP) 2024


Date: 23-01-2024

Trí mheán Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, cuirfear maoiniú caipitil ar fáil chun tacú le grúpaí pobail ar fud Mhaigh Eo. Beidh ciste ar leithligh ar fáil faoin gClár le haghaidh Grúpaí Ban.

Tabharfar tacaíocht leis an gciste seo do ghrúpaí, go háirithe iad siúd i gceantair faoi mhíbhuntáiste, deisiúcháin agus feabhsúcháin a dhéanamh ar a gcuid áiseanna, agus trealamh a cheannach leithéidí táblaí agus cathaoireacha, uilisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus clódóirí, lomairí faiche, forscáthanna, trealamh traenála srl.

Beidh an maoiniú seo a leanas ar fáil:

Catagóir 1 Deontais dar luach €1,000 nó níos lú

Catagóir 2 Deontais dar luach €1,001 - €7,500

Catagóir 3 Le haghaidh iarrastóirí ar Grúpaí Ban iad: Deontais dar luach €7,500 nó níos lú

Is é Déardaoin an 15 Feabhra 2024 ag 3pm an spriocam le haghaidh iarratas ar an tairseach ar líne.

Déantar iarratas don LEP ar thairseach ar líne. Tá gach eolas ar fáil ar www.mayo.ie

Moltar go láidir d’iarratasóirí treoirlínte na scéime agus na Téarmaí agus Coinníollacha ar an bhfoirm iarratais a léamh go cúramach sula gcuirfidh siad aon iarratas isteach.

Is féidir ceisteanna a chur chuig lep2024@mayococo.ie

 




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha