Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Nuacht

Léirithe Spéise á Lorg d'Áisitheoirí agus Teagascóirí


Date: 22-08-2023

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag lorg léirithe spéise ó dhaoine a bheadh in ann imeachtaí nó gníomhaíochtaí éagsúla a reáchtáil trí Ghaeilge. Ní múinteoirí Gaeilge ata i gceist leis seo, ach daoine a bheadh in ann imeacht nó ranganna a dhéanamh, trí mheán na Gaeilge, le daoine fásta nó le daoine óga. I measc na réimsí gníomhaíochtaí atá i gceist tá:

  • drámaíocht
  • ceol
  • spórt
  • damhsa
  • ealaín, ceardaíocht agus gníomhaíochta cruthaitheacha
  • scéalaíocht agus spreagadh na léitheoireachta
  • scileanna saoil
  • cúrsaí oidhreachta agus staire
  • léachtaí nó cainteanna.

Má tá scil eile agat a shíleann tú a bheadh oiriúnach le haghaidh imeachta, ranga nó ceardlainne, ná bíodh drogall ort é a mholadh. Is féidir gníomhaíochtaí 'aon-uaire' agus imeachtaí ar líne a lua chomh maith.

Tabhair faoi deara gur léirithe spéise atá i gceist leis seo agus nach féidir a dheimhniú go mbeidh obair á tairiscint ag Comhairle Contae Mhaigh Eo dóibh siúd a chuireann iarratas isteach.

Is féidir an léiriú spéise a chur isteach ar an leathanach seo:

https://forms.office.com/e/bVzazjbXAL

Má tá ceist agat i dtaca leise seo, nó má tá cóip chrua uait, glaoigh ar 094 906 4782 nó cuir ríomhphost chuig gaeilge@mayococo.ie




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha