Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Lá Mhaigh Eo 2023


Date: 18-04-2023

Bain triail as raon leathan imeachtaí do phaistí agus do dhaoine óga mar chuid de Lá Mhaigh Eo ar an 29 Aibreán 2023 i leabharlann Bhéal an Átha. Tá spásanna teoranta, mar sin bí cinnte a bheith ann in am chun freastal ar na ceardlanna.

12.00 Spraoi le Drumaí
Bain ceol agus spraoi as drumaí de gach cineál in éineacht le Colm de Bhaldraithe. Oiriúnach do pháistí ó aois 6-10.

12.00 – 14:30 Tae agus Plé
Buail isteach sa seomra comhrá le haghaidh cupán tae agus dreas cainte a bheith agat as Gaeilge.

13.30 Ceardlann Cartúin do Pháistí
Tarraing cartún de dhuine cáiliúil ó Mhaigh Eo in éineacht le Aidan Courtney, a mhaisigh an leabhar Glór ar Inis Gluaire. Oiriúnach do pháistí ó 8 -12.

14.45 Ceardlann líníochta do dhaoine fásta
Foghlaim cén chaoi íomhá shimplí céim-ar-céim a tharraingt le Aidan Courtney – beidh pictiúr álainn bunaithe ar scéal Mhaigh Eo agat ag an deireadh!

14:45 agus 16.00 Tóg sos! Seisiúin suaimhnis
Tabhair sos don chorp agus don intinn sna ceardlanna suaimhnis seo. Seisiún do pháistí amháin ag 14.45 agus seisiún teaghlaigh (páistí agus daoine fásta) ag 16.00.




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha