Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Síneadh 5km ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair Ó Ghob an Choire go dtí an Caiseal Oscailte Go hOifigiúil


Date: 01-09-2023

D’oscail Aire Stáit na Roinne Iompair agus na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Jack Chambers, TD, an síneadh ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair ó Ghob an Choire go dtí an Caiseal go hoifigiúil ar maidin.

Rinne an tAire Stáit Chambers an oscailt oifigiúil ar an síneadh 5km ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair i dteannta Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir Martin McLoughlin.

Cuireann an síneadh seo ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair 5km breise le fad reatha 44km an ghlasbhealaigh, a dhéanann Cathair na Mart agus an Caiseal ar Oileán Acla a cheangal anois, rud a chuirfidh feabhas breise ar an tairiscint turasóireachta i Maigh Eo.

Rinne foireann agus conraitheoirí Innealtóireachta agus Allamuigh Chomhairle Contae Mhaigh Eo an tionscadal a bhainistiú agus a thógáil. Chomhoibrigh 25 úinéir talún agus 25 scairshealbhóir coimíneachta le Comhairle Contae Mhaigh Eo freisin leis an tionscadal a thabhairt chun críche. 

Ar cheann de phríomh-bhuaicphointí an tsínte nua seo ar an nglasbhealach tá an fad uathúil agus saincheaptha 400m de chlárchosán a thrasnaíonn stráice de bhratphortach. Is é seo an clárchosán is leithne ar ghlasbhealach atá á úsáid sa stát faoi láthair agus baineadh úsáid as as táirgí inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun é a thógáil.

Dúirt an tAire Stáit Chambers, agus an síneadh nua ar an nglasbhealach á oscailt aige: “Leis an 5km breise seo, sínfidh Glasbhealach Mór an Iarthair chomh fada leis an gCaiseal in Acaill. Bhain Glasbhealach Mór an Iarthair rath as cuimse amach ó osclaíodh é in 2011 agus meallann sé líonta móra cuairteoirí chuig an gcuid seo de Chontae Mhaigh Eo.

“Chaith an Roinn Iompair thart ar €4 mhilliún go dtí seo leis an síneadh seo go dtí an Caiseal a thógáil. Tá obair ar bun faoi láthair le fad breise 4km a chur leis an síneadh seo, mar a mbeidh rotharbhealach ar fáil a bheidh beagnach go hiomlán scartha ó Chathair na Mart go dtí an Caol. Táim ag tnúth lena chríochnú in am agus i dtráth”.

Dúirt Leas-Chathaoirleach Chomhairle Contae Mhaigh Eo, an Comhairleoir Martin McLoughlin: “Tá Glasbhealach Mór an Iarthair ar cheann de na tionscadail is tábhachtaí inar infheistigh Comhairle Contae Mhaigh Eo le breis agus caoga bliain anuas. Tá an fás agus an fhorbairt tugtha faoi deara againn atá tagtha ar an nglasbhealach ó smaoineamh beag go dtí an píosa de bhonneagar turasóireachta faoi bhláth atá inniu ann.

“Ní hamháin go meallann sé na mílte cuairteoirí gach bliain chuig an gcontae ach tá bailte agus sráidbhailte feadh an bhealaigh faoi rath dá bharr. Chuir sé fostaíocht ríthábhachtach ar fáil iontu agus is cinnte go gcuirfidh an síneadh seo leis sin.”

Dúirt Joanne Grehan, Leas-Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo: “Agus an síneadh nua seo ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair go dtí an Caiseal tagtha chun críche, tá sé léirithe arís eile ag Comhairle Contae Mhaigh Eo gur ceannaire muid i dtaobh bonneagar turasóireachta.

“Faoi mar a bhíonn i gceist lena mhacasamhail de thionscadail, is é rannpháirteachas le páirtithe leasmhara an rud is mó atá le cur san áireamh agus is mian liom buíochas a ghabháil leis na le 25 úinéir talún agus na 25 scairshealbhóir coimíneachta a chinntigh gur tugadh an tionscadal seo chun críche.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhoireann Chomhairle Contae Mhaigh Eo i measc roinnt rannóg a chothaigh an síneadh seo ar an nGlasbhealach ón tráth a ceapadh é go dtí gur cuireadh i gcrích é. Cuireadh an síneadh seo ar fáil i gcomhar lenár gcomhpháirtithe cistithe, Bonneagar Iompair Éireann, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na gníomhaireachtaí comhpháirtíochta eile a chabhraigh leis an tionscadal seo.”

Dúirt an Bainisteoir ar Réigiún an Iarthair le Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ), Kieran Kelly: “Ba é Glasbhealach Mór an Iarthair an chéad tionscadal a thaispeáin don iomaí réigiún eile ar fud na tíre na buntáistí a chruthaíonn tionscadail Ghlasbhealaigh. D’oibrigh BIÉ agus Comhairle Contae Mhaigh Eo as lámh a chéile leis an síneadh 5km seo ar an nGlasbhealach go hAcaill a thabhairt chun críche. Tá BIÉ ag tnúth le hoibriú le Comhairle Contae Mhaigh Eo i dtionscadail amach anseo.”




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha