Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Barr Feabhais á chur ar inrochtaineacht i Maigh Eo le Seoladh Bealaí Bataí Aclaí


Date: 09-06-2023

Tá gliondar croí ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo a fhógairt gur seoladh Bealaí Bataí Aclaí, rud a raibh súil mhór leis. Sraith bealaí gearra siúil atá iontu atá ceaptha freastal ar dhaoine a bhfuil dúshláin soghluaisteachta rompu agus tacú leo siúd atá ar aistear an bhisigh tar éis go raibh breoiteacht nó gortú orthu.  Tá mar chuspóir ag an tionscnamh iontach seo, a cuireadh ar bun a bhuíochas leis an gcistiú a sholáthair Clár Phobail Fholláine Sláintecare, spásanna inrochtana taobh amuigh a chur ar fáil ina gcuirtear daoine ar gach aois, cumas, agus leibhéal aclaíochta san áireamh.  Déantar Bealaí Bataí Aclaí a shaincheapadh chun freastal ar dhaoine a bhfuil bugaithe acu, ar úsáideoirí cathaoir rothaí, ar leanaí le rothair chothromaíochta, agus orthu siúd a bhfuil áiseanna soghluaisteachta éagsúla eile á n-úsáid acu.

Conairí atá sna Bealaí Bataí Aclaí a pleanáladh go cúramach agus a chuireann eispéireas sábháilte agus taitneamhach siúil ar fáil do dhaoine ar gach cumas.  Tá limistéir scíthe agus stáisiúin aclaíochta ag faid rialta óna chéile ar na bealaí seo, a thugann deis do rannpháirtithe sosanna a ghlacadh, scíth a ligean agus lán na súl a bhaint as an áilleacht nádúrtha mórthimpeall.  Forbraíodh na bealaí i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla.

Dúirt Joanne Grehan, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Mhaigh Eo, ‘Tá ríméid orainn a bheith páirteach i mBealaí Bataí Aclaí a fhorbairt ar fud an chontae agus tá an-áthas go deo orainn go bhfuil Bealach Dhumha Goirt á cur i láthair againn. Cuireann na bealaí go mór le pobal ar bith, agus cuireann siad an deis ar fáil do gach duine taitneamh a bhaint as na tairbhí sláinte agus folláine a chruthaítear dúinn nuair a bhíonn muid taobh amuigh.”

Rinneadh Bealaí Bataí Aclaí a phleanáil go han-chúramach lena chinntiú go gcuirtear eispéireas sábháilte agus taitneamhach siúil ar fáil do dhaoine ar gach cumas. Tá cosáin a pleanáladh go cúramach seo ar a gcuirtear áilleacht nádúrtha Mhaigh Eo i láthair, a chuireann an deis ar fáil do rannpháirtithe páirt a ghlacadh sa dúlra agus na tairbhí fisiciúla agus meabhairshláinte a bhaineann le gníomhaíocht taobh amuigh a bhaint. Le feabhas níos fearr a chur ar eispéireas foriomlán na mbealaí, tá limistéir scíthe agus stáisiúin aclaíochta ag faid rialta óna chéile ar na bealaí, a thugann deis do rannpháirtithe sosanna a ghlacadh, scíth a ligean agus athneartú.

Iarracht chomhoibritheach a bhí sna Bealaí Bataí Aclaí a fhorbairt ina ndeachaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhpháirt le grúpaí pobail áitiúla.  Chinntigh an cur chuige comhoibritheach seo gur dearadh na bealaí le freastal ar riachtanais agus ar roghanna ar leith an phobail, agus gur cruthaíodh braistint úinéireachta agus bhróid i measc na gcónaitheoirí.

Dúirt Anna Connor, Oifigeach Turasóireachta agus Áineasa Chomhairle Contae Mhaigh Eo, “Tá gliondar croí orainn leis an rath a bhí ar chlár na mBealaí Bataí Aclaí ar fud an chontae agus leis an tacaíocht a fuair muid ó na pobail go léir chun na bealaí a dhearadh.”

Rinne Comhpháirtíocht Spóirt Mhaigh Eo daoine fud fad an chontae a chumasú trína gclár siúil le bataí Activator le páirt a ghlacadh sna bealaí seo, agus gníomhaíocht choirp á cur chun cinn agus uileghabhálacht á cothú trí thionscnaimh spóirt agus áineasa.   Tagann a dtiomantas do stíleanna maireachtála gníomhacha a spreagadh i measc gach duine go hiomlán le fís na mBealaí Bataí Aclaí. Cuireadh Síolchistiú Phobail Fholláine Sláintecare ar fáil chun tacú leis na cláir a thabhairt isteach sa cheantar.

Chistigh an Roinn Sláinte ról Oifigeach Forbartha Áitiúla Phobail Fholláine Sláintecare a bhí á chur ar bun ag Rannóg Pobail Chomhairle Contae Mhaigh Eo, chun tacú le tionscadail agus tionscnamh sláinte agus folláine a fhorbairt.  Léiríonn Bealaí Bataí Aclaí an cur chuige comhoibritheach ina dtugann CCME saineolas Áineas agus Taitneamhachtaí Turasóireachta, Ceantair Bhardasacha Áitiúla, Comhpháirtíocht Spóirt Mhaigh Eo, FSS, agus ár gcomhpháirtithe pobail.  De bhreis air sin, beidh clár píolótach á thosú ag Leabharlanna Sláintiúla CCME chun cuaillí ar cíos a chur ar fáil, chun go mbeidh teacht ag gach duine ar na cláir go léir.

Tá onóir ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo go mbeidh an tAire Hildegarde Naughton inár dteannta leis an ócáid mhór seo a cheiliúradh nuair a sheolfar Bealaí Bataí Aclaí an 22 Meitheamh ag 14:30 ag Bealach Dhumha Goirt in Acaill.  Garsprioc mhór atá san imeacht seo in aistear Chomhairle Contae Mhaigh Eo i dtreo pobal níos sláintiúla agus níos ionchuimsithí a chur chun cinn.

Tugtar cuireadh ó chroí do na meáin, ionadaithe pobail agus don phobal i gcoitinne bheith inár gcuideachta in Acaill Déardaoin, an 22 Meitheamh ag 14:30 leis an ócáid a cheiliúradh.

Chun teacht ar eolas breise faoi Phobail Fholláine Sláintecare, Bealaí Bataí Aclaí agus tionscnaimh ionchuimsitheacha eile atá á gcur ar siúl ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, tabhair cuairt, le do thoil, ar www.mayo.ie

 




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha