Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Amhránaíocht Ghaeltacht Iorrais le plé ag Oireachtas na Samhnahta


Date: 27-10-2023

Tá ríméad ar Oifig na Gaeilge ócáid dírithe ar an Amhránaíocht ar an tSean-Nós i nGaeltacht Iorrais a chur ar siúl ag Oireachtas na Samhna. Tabharfaidh Síle Uí Mhongáin agus Séamus Ó Mongain, atá sáinnithe i gcúrsaí ceoil i Maigh Eo, cur síos ar stair na hamhránaíochta sa cheantar agus ar na hathruithe atá tagtha uirthi le himeacht aimsire.

Bhí traidisiún láidir sean-nóis i dtuaisceart Mhaigh Eo sa 19ú haois agus mhair go leor filí agus cumadóirí amhrán sa cheantar. Leis an drochshaol agus an imirce, d’fhág na sluaite an áit ach choinnigh siad leofa an traidisiún amhránaíochta sa saol úr. Sa bhaile faraor, chuaigh an traidisiún i léig gur beag nár cailleadh ar fad é. Le déanaí tá na hamhráin agus an traidisiún seo fillte abhaile le hathbheochan i measc an aosa óg ach go háirithe.

Sa chaint seo, tabharfaidh Síle agus Séamus cur síos ar an aistear sin agus beidh blaisíní d'amhráin Iorrais le cloisteáil chomh maith.

Am: 14.00 Dé Sathairn an 4ú Samhain
Ionad: Svuít 5, Leibhéal 1, INEC (Cill Airne)




Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha