Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Acmhainní Ilchultúrtha


De bhrí méadú tagtha ar an líon daoine nach Éireannaigh iad atá ina gcónaí i gContae Mhaigh Eo, tá “Bailiúcháin i dTeangacha Iasachta” i gcuid mhór dár gcuid leabharlann. Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil le do thoil.

Seirbhís Leabharlainne na Scoileanna:

  • Bailiúchán in Dhá Theanga
    Tá bailiúchán speisialta ar fáil in dhá theanga chun cuidiú leis an líon mór daltaí atá ar scoil i gContae Mhaigh Eo nach Éireannaigh iad. Tá Béarla agus an dara teanga araon sna leabhair seo, mar shampla:
    Béarla/Gúisearáitis; Béarla/Somáilis; Béarla/Polainnis; Béarla/Urdais srl. Seirbhís Leabharlainne na Scoileanna 

Leabharlann Bhéal an Átha:

  • Bailiúchán Leabhar Idirnáisiúnta do Dhaoine Fásta agus Leanaí: Gaeilge, Français, Español, Polska, Deutsch, Italiano 
  • Bailiúchán Scannán Idirnáisiúnta: Français, Español, Polska, Deutsch, Italiano, Seapáinis, Sínis, Hindi
  • Cúrsaí i dTeangacha Idirnáisiúnta: TEFL an Bhéarla, Béarla Simplí, Teach Yourself English, Gaeilge, Français, Español, Polska, Deutsch, Italiano, Portaingéilis, Gréigis, Seapáinis, Sínis, Hindi, Rúisis, Cróitis, Rómáinis, Araibis, Téalainnis.
  • Déan teagmháil le Leabharlann Bhéal an Átha

Leabharlann Bhéal Átha hAmhnais:

  • Leabhair agus Closáiseanna chun Béarla a fhoghlaim lena n-áirítear IELTS (Córas Tástála Teanga Idirnáisiúnta do Bhéarla). Déantar cumas cumarsáide i mBéarla sna ceithre ghné a leanas den teanga a mheas, 
    1) Éisteacht    2) Léitheoireacht    3) Scríbhneoireacht    4) Labhairt
    Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil sé i gceist acu a bheith ag staidéar nó ag obair in áit arb é Béarla an teanga cumarsáide.
  • Rogha leathan leabhar in Urdais
  • Rogha leabhar in Araibis agus i bPolainnis
  • Déan teagmháil le Leabharlann Bhéal Átha hAmhnais

Leabharlann Chaisleán an Bharraigh:

  • Cúrsaí Béarla Pimsleur do chainteoirí na dteangacha seo a leanas: Gearmáinis, Cantainis/Sínis, Fraincis, Polainnis agus Portaingéilis
  • Pacáistí Lingaphone Béarla, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis, Gearmáinis agus Gaeilge.
  • Téipeanna i dteangacha éagsúla eile agus Dlúthdhioscaí d’fhoghlaim na Gearmáinise, na Seirbea-Cróitise, na Spáinnise agus na Gaeilge.
  • Rogha leabhar i bPolainnis
  • Déan teagmháil le Leabharlann Chaisleán an Bharraigh 

    Leabharlann Bhaile an Róba :

  • Dlúthdhiosca ar a bhfuil na foirmeacha iarratais maidir le Ceadúnas Tiomána, Ceadúnas Tiomána Sealadach agus Athnuachan Mhótarchánach sna hocht teanga éagsúla seo a leanas: Araibis, Sínis, Fraincis, Laitvis, Liotuáinis, Polainnis, Rómáinis agus Rúisis.
  • Déan teagmháil le Leabharlann Bhaile an Róba 
Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha