Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Bainistiú Dramhaíola

Bailiú Dramhaíola


  1. Bailiú Dramhaíola do Shealbhóirí Tí

Tá dhá rogha ann maidir le do dhramhaíl a bhainistiú i gceart i Maigh Eo.

  1. Conradh a bheith agat le bailitheoir údaraithe dramhaíola doras go doras, ar a nglaoitear bailiú cois bóthair freisin.
  2. Feidhm a bhaint as Ionad Fóntas Pobail

 

  1. Bailiú dramhaíola doras go doras (cois bóthair):

Cuirfidh na bailitheoirí dramhaíola a bhfuil seirbhís bailiúchán cois bóthair i bhfeidhm acu córas dhá araid ar fáil le haghaidh dramhaíl in-athchúrsáilte agus dramhaíl iarmharach.

Má tá cónaí ort in áit a bhfuil daonra os cionn 500 duine, cuirfear araid dhonn ar fáil duit le haghaidh dramhaíl bia. Sna háiteanna sin, níor cheart bia a chur in araidí le haghaidh dramhaíl iarmharach.

Faoi láthair, tá seacht gcomhlacht bailithe dramhaíola ceadaithe ag feidhmiú i Maigh Eo. Tá na sonraí iomlána le fáil ón Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola - www.nwcpo.ie  

Cliceáil anseo le haghaidh bileog eolais ar bhailiú dramhaíola tí i Maigh Eo. Ar fáil freisin i bPolainnisSlóvaicisSeicisRúisis.

Liosta Bailitheoirí atá ag Feidhmiú i Maigh Eo:

Ballinrobe Waste

www.ballinrobewaste.ie

094 9541847

Barna Waste

www.barnarecycling.com

091 771619

Bourke Waste

www.bourkewaste.ie

098 26882

Feoil Freight

Sweeney Recycling

094 9023525

Loftus Recycling

www.loftusrecycling.com

096 32500

McGrath Waste

www.mcgrathwaste.ie

094 9031315

WERS Waste

www.werswaste.ie

1890 229 377

 

  1. Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola  

Ghlac Comhairle Contae Mhaigh Eo leis na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola (Scaradh, Stóráil agus Tabhairt i láthair Dramhaíola Tí agus Tráchtála) 2020 ar an 14 Meán Fómhair, 2020.

Tháinig na Fodhlíthe seo i bhfeidhm agus tá siad éifeachtach ón Luan, 19 Deireadh Fómhair, 2020.

Tá bileog eolais ar na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola le fáil anseo.

Tá tuilleadh eolais maidir leis na Fodhlíthe um Bainistiú Dramhaíola le fáil ag www.mywaste.ie/my-household-waste-bye-laws/

  1. Ceadanna Bailithe Dramhaíola

De réir na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin) 2016, ní mór do gach bailitheoir dramhaíola cead bailí bailithe dramhaíola a bheith aige. Tá coinníollacha ag baint leis an gcead seo ina sonraítear na cineálacha dramhaíola ar féidir iad a bhailiú, na feithiclí ar féidir úsáid a bhaint astu agus na huaireanta oibre, chomh maith le go leor coinníollacha eile.   

Tá na sonraí iomlána a bhaineann le ceadanna le fáil ón Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola, Comhairle Contae Uíbh Fháilí, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fháilí, ar an nguthán ag 057 935 7428 nó ag www.nwcpo.ie 

 

 

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha