Skip to main content

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha

Bainistiú Dramhaíola

Plean Bainistithe Réigiúnach Dramhaíola


Ar mhaithe leis an mbainistiú dramhaíola a phleanáil, tá Éire roinnte ina trí réigiún anois: an tOirthear agus Lár Tíre, an Deisceart, agus Connachta agus Ulaidh. Tá naoi limistéar údarás áitiúil i Réigiún Chonnacht agus Uladh. Is iad Maigh Eo, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Sligeach, Liatroim, Ros Comáin, Dún na nGall, an Cabhán agus Muineachán na limistéir atá i gceist.

Cuireann Plean Bainistithe Dramhaíola 2015-2021 creat ar fáil maidir le dramhaíl a laghdú agus a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe i Maigh Eo agus sna limistéir údarás áitiúil eile. Tar éis chéim an chomhairliúcháin phoiblí, rinneadh an Plean Réigiúnach Bainistithe Dramhaíola i mí na Bealtaine, 2015.

Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo an príomhúdaras réigiúnach, a bhíonn ag gníomhú thar ceann na n-údarás eile agus atá freagrach as an bplean a chur i bhfeidhm go héifeachtach. 

Tá gach eolas a bhaineann leis an bplean, agus an plean é féin, le fáil ag  www.curwmo.ie  

Ar ais go barr

Fógra

Tá aistriúchán an tsuímh gréasáin seo idir lámha